+Airteagal 46 Cumhacht a bheith ag Ballstáit eile chun bearta bainistíochta géarchéime a fhorfheidhmiú
---+Airteagal 46 1
---+Airteagal 46 2
---+Airteagal 46 3
---+Airteagal 46 4
---+Airteagal 46 5
---+Airteagal 46 6
|
Airteagal 46 Cumhacht a bheith ag Ballstáit eile chun bearta bainistíochta géarchéime a fhorfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéantar sócmhainní a áireamh le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, ceart nó dliteanas, ar sócmhainní iad atá lonnaithe i mBallstát cé is moite de Bhallstát an údaráis réitigh nó i gcás ina n-áirítear cearta nó dliteanais faoi dhlí Ballstáit cé is moite de Stát an údaráis réitigh, go mbeidh éifeacht leis an aistriú i ndlí an Bhallstáit eile sin nó faoina dhlí.
|
|
Airteagal 46 2
|
2. Soláthróidh na Ballstáit an cúnamh réasúnach uile don údarás réitigh a mbeidh an t-aistriú déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige é a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile nó na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú chuig an bhfaighteoir i gcomhréir le haon cheanglas is infheidhme den dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 46 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le scairshealbhóirí, le creidiúnaithe agus le tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1, nach mbeidh siad i dteideal an t-aistriú a chosc, agóid a dhéanamh ina choinne nó é a chur i leataobh faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe nó den dlí lena rialáiltear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na cearta nó na dliteanais.
|
|
Airteagal 46 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go laghdófar príomhshuim na n-ionstraimí caipitil, na n-ionstraimí fiachais nó na ndliteanas incháilithe eile, nó go ndéanfar dliteanais nó ionstraimí den sórt sin a chomhshó, i gcomhréir le feidhmiú cumhachtaí díluachála nó comhshó ag údarás réitigh de chuid Ballstáit eile ar ghnóthas faoi réiteach, más rud é, maidir leis na dliteanais nó na hionstraimí ábhartha:
|
(a)
|
go rialáiltear iad le dlí an Bhallstáit seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó;
|
|
(b)
|
go bhfuil siad dlite do chreidiúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.
|
|
|
Airteagal 46 5
|
5. Na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a ndéanann feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó dá dtagraítear i mír 4 difear dóibh, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar phríomhshuim na hionstraime nó an dliteanais nó i gcoinne an chomhshó, de réir mar a bheidh, faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit cé is moite de Bhallstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.
|
|
Airteagal 46 6
|
6. Áiritheoidh gach Ballstát go gcinnfear an méid seo a leanas uile i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:
|
(a)
|
ceart scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 67, i gcoinne aistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
|
|
(b)
|
ceart creidiúnaithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 67, i gcoinne an laghdaithe ar phríomhshuim, nó i gcoinne comhshó, ionstraime nó dliteanais a chumhdaítear le mír 4, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo;
|
|
(c)
|
na coimircí le haghaidh aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, i ndáil leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais dá dtagraítear i mír 1.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|