1. Gan dochar d’Airteagal 64(2), an dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit i ndáil le gnóthas faoi réiteach nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar cinneadh ina leith gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), nach gcuirfear tús le gnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirfear eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ach le toiliú an údaráis réitigh.