+Airteagal 68 Srianta ar imeachtaí eile
---+Airteagal 68 1
---+Airteagal 68 2
---+Airteagal 68 3
|
Airteagal 68 Srianta ar imeachtaí eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 68 1
|
1. Gan dochar d’Airteagal 64(2), an dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit i ndáil le gnóthas faoi réiteach nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar cinneadh ina leith gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), nach gcuirfear tús le gnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirfear eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ach le toiliú an údaráis réitigh.
|
|
Airteagal 68 2
|
2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit:
|
(a)
|
go dtabharfar fógra gan mhoill d’údaráis mhaoirseachta agus d’údaráis réitigh faoi aon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas nó an t-eintiteas sin faoi réiteach nó cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh cinneadh go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 65(3) agus (4);
|
|
(b)
|
nach gcinntear an t-iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ach amháin má tá na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) déanta agus má tharlaíonn ceachtar díobh seo a leanas:
|
(i)
|
tá fógra tugtha ag an údarás réitigh do na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta nach mbeartaíonn sé aon ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);
|
|
(ii)
|
tá tréimhse 7 lá dar tús an dáta a rinneadh na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis dul in éag.
|
|
|
|
Airteagal 68 3
|
3. Gan dochar d’aon srian ar fhorfheidhmiú leasanna urrúis arna fhorchur de bhun Airteagal 50, áiritheoidh na Ballstáit, más gá chun uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú go héifeachtach, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh iarraidh ar chúirt bac a chur, ar feadh tréimhse iomchuí i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, le haon ghníomhaíocht nó imeacht breithiúnach inar páirtí gnóthas faoi réiteach nó ina dtagann gnóthas chun bheith ina pháirtí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|