3. Gan dochar d’aon srian ar fhorfheidhmiú leasanna urrúis arna fhorchur de bhun Airteagal 50, áiritheoidh na Ballstáit, más gá chun uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú go héifeachtach, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh iarraidh ar chúirt bac a chur, ar feadh tréimhse iomchuí i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, le haon ghníomhaíocht nó imeacht breithiúnach inar páirtí gnóthas faoi réiteach nó ina dtagann gnóthas chun bheith ina pháirtí.