+Airteagal 69 Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcinnteoireacht a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin léi
---+Airteagal 69 (a)
---+Airteagal 69 (b)
---+Airteagal 69 (c)
---+Airteagal 69 (d)
---+Airteagal 69 (e)
---+Airteagal 69 (f)
---+Airteagal 69 (g)
---+Airteagal 69 (h)
|
Airteagal 69 Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcinnteoireacht a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin léi
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh acu de bhun na Treorach seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, go dtabharfaidh a n-údaráis aird ar na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 69 (a)
|
agus gníomhaíocht réitigh á déanamh, is éifeachtúil an chinnteoireacht agus coinnítear na costais réitigh a ísle is féidir;
|
|
Airteagal 69 (b)
|
déantar cinntí agus gníomhaíochtaí go tráthúil agus ar bhonn práinne nuair is gá;
|
|
Airteagal 69 (c)
|
comhoibríonn údaráis réitigh, údaráis mhaoirseachta agus údaráis eile le chéile lena áirithiú go ndéantar cinntí agus gníomhaíocht ar bhealach comhordaithe éifeachtúil;
|
|
Airteagal 69 (d)
|
sainítear go soiléir róil agus freagrachtaí na n-údarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;
|
|
Airteagal 69 (e)
|
tugtar aird chuí ar na leasanna, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí, gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí agus éifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, scéimeanna ráthaíochta árachais, socruithe maoiniúcháin agus éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta i ngach Ballstát ina n-oibríonn an máthairghnóthas deiridh agus a fhoghnóthais nó ina ndéanann siad gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;
|
|
Airteagal 69 (f)
|
tugtar aird chuí ar na cuspóirí arb éard atá iontu leasanna na mBallstát éagsúil lena mbaineann a chothromú agus dochar éagothrom do leasanna Ballstát ar leith a sheachaint, nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;
|
|
Airteagal 69 (g)
|
déanann na húdaráis réitigh, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu, na pleananna réitigh grúpa a chur san áireamh agus a leanúint mura measann na húdaráis réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar bhealach níos éifeachtúla trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéantar foráil dóibh sna pleananna réitigh;
|
|
Airteagal 69 (h)
|
is trédhearcach cinneadh nó gníomhaíocht atá beartaithe aon uair is dócha go mbeidh impleachtaí ag an gcinneadh nó ag an ngníomhaíocht sin ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, agus, i gcás inarb ábhartha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus socruithe maoiniúcháin aon Bhallstáit lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|