2. I gcás ina measann an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha, nó céannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha díréireach mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht foilsiú sonraí den sórt sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
foilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a iarchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
|
|
(b)
|
an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina ndéanfaí a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtabharfaí cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann;
|
|
(c)
|
gan an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú i gcás ina bhfuil an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta den tuairim nach mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun ceachtar de na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
(i)
|
nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
|
|
(ii)
|
comhréireacht foilsiú sonraí den sórt sin maidir le bearta a meastar gur mionbhearta iad.
|
|
Áiritheoidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta go bhfanfaidh aon fhoilseachán atá i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis réitigh nó an údaráis maoirseachta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá de réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.