|
+Airteagal 4 |
Airteagal 4Airteagal 4 Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe’ nó ‘PRIP’ infheistíocht, lena n-áirítear ionstraimí a eisíonn feithiclí sainchuspóireacha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (26) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, nó eintitis shainchuspóireacha urrúsaithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (an) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nuair, beag beann ar fhoirm dhlí na hinfheistíochta, a bheidh an tsuim a bheidh ais-iníoctha leis an infheisteoir miondíola faoi réir luaineachtaí toisc é a bheith neamhchosanta ar luachanna tagartha nó ar fheidhmíocht ceann amháin nó níos mó de na sócmhainní nach gceannaíonn an t-infheisteoir miondíola go díreach;
(2)
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ táirge árachais a dhéanann luach aibíochta nó géilliúna a thairiscint agus an luach aibíochta nó géilliúna sin a bheith neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;
(3)
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘PRIIP’ táirge a bhfuil ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas fíor ina leith:
(a)
is PRIP é;
(b)
is táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe é;
(4)
ciallaíonn ‘monaróir táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘monaróir PRIIP’:
(a)
aon eintiteas a mhonaraíonn PRIIPanna;
(b)
aon eintiteas a dhéanann athruithe ar PRIIP atá ann cheana lena n-áirítear a phróifíl riosca agus luaíochta a athrú nó na costais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa PRIIP ach gan a bheith teoranta dó sin amháin;
(5)
ciallaíonn ‘duine a dhíolann PRIIP’ duine a thairgeann conradh PRIIP d'infheisteoir miondíola nó a thugann i gcrích leis é;
(6)
ciallaíonn ‘infheisteoir miondíola’:
(a)
cliaint mhiondíola mar a shainítear i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(b)
custaiméar laistigh de chiall Threoir 2002/92/CE nuair nach gcáileofaí an custaiméar sin mar chliant gairmiúil de réir mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(7)
ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainítear i bpointe (m) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;
(8)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais a chuirtear faoin Rialachán seo ar mhonaróirí PRIIP agus ar dhaoine a dhíolann PRIIP nó a thugann comhairle i ndáil leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|