+CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
---+Airteagal 1
---+Airteagal 2
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 4

CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le formáid agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingeoidh monaróirí PRIIP suas agus rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí miondíola d'fhonn a chur ar chumas infheisteoirí miondíola gnéithe agus na rioscaí sonracha PRIIP a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.

Airteagal 2
Airteagal 3
Airteagal 4

Airteagal 4

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe’ nó ‘PRIP’ infheistíocht, lena n-áirítear ionstraimí a eisíonn feithiclí sainchuspóireacha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (26) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, nó eintitis shainchuspóireacha urrúsaithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (an) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nuair, beag beann ar fhoirm dhlí na hinfheistíochta, a bheidh an tsuim a bheidh ais-iníoctha leis an infheisteoir miondíola faoi réir luaineachtaí toisc é a bheith neamhchosanta ar luachanna tagartha nó ar fheidhmíocht ceann amháin nó níos mó de na sócmhainní nach gceannaíonn an t-infheisteoir miondíola go díreach;

(2) 

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ táirge árachais a dhéanann luach aibíochta nó géilliúna a thairiscint agus an luach aibíochta nó géilliúna sin a bheith neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(3) 

ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘PRIIP’ táirge a bhfuil ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(a) 

is PRIP é;

(b) 

is táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe é;

(4) 

ciallaíonn ‘monaróir táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘monaróir PRIIP’:

(a) 

aon eintiteas a mhonaraíonn PRIIPanna;

(b) 

aon eintiteas a dhéanann athruithe ar PRIIP atá ann cheana lena n-áirítear a phróifíl riosca agus luaíochta a athrú nó na costais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa PRIIP ach gan a bheith teoranta dó sin amháin;

(5) 

ciallaíonn ‘duine a dhíolann PRIIP’ duine a thairgeann conradh PRIIP d'infheisteoir miondíola nó a thugann i gcrích leis é;

(6) 

ciallaíonn ‘infheisteoir miondíola’:

(a) 

cliaint mhiondíola mar a shainítear i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(b) 

custaiméar laistigh de chiall Threoir 2002/92/CE nuair nach gcáileofaí an custaiméar sin mar chliant gairmiúil de réir mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(7) 

ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainítear i bpointe (m) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;

(8) 

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais a chuirtear faoin Rialachán seo ar mhonaróirí PRIIP agus ar dhaoine a dhíolann PRIIP nó a thugann comhairle i ndáil leis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.