+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.

Airteagal 6

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Is faisnéis réamh-chonarthach a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí. Beidh sé cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Cuirfear faisnéis bhunriachtanach ar fáil ann agus beidh sé i gcomhréir le haon doiciméid cheangailteacha chonarthacha, leis na codanna ábhartha de na doiciméid tairisceana agus le téarmaí agus coinníollacha an PRIIP.
Airteagal 6 2.
Doiciméad neamhspleách a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar léir nach bhfuil baint aige le hábhair mhargaíochta. Ní dhéanfar aon chrostagairtí ann d'ábhar margaíochta. Féadfar crostagairtí a dhéanamh ann do dhoiciméid eile lena n-áirítear réamheolaire nuair is infheidhme, agus go díreach sa chás ina mbaineann an chrostagairt leis an bhfaisnéis a chaithfear a chur sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí de réir an Rialacháin seo.
Airteagal 6 3.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina dtugtar raon roghanna maidir le hinfheistíochtaí don infheisteoir miondíola le PRIIP, ionas agus nach féidir an fhaisnéis uile a éilítear in Airteagal 8(3), ag féachaint do gach rogha bhunúsach infheistíochta, a chur ar fáil i ndoiciméad aonair, beacht, neamhspleách amháin, forálfar leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí tuairisc aonchineálach ar a laghad ar na roghanna bunúsacha infheistíochta agus luafar ann an áit ina bhféadfar teacht ar fhaisnéis dhoiciméadaithe réamhchonartha níos mionsonraithe a bhaineann leis na táirgí infheistíochta atá mar chúltaca ag na roghanna bunúsacha infheistíochta agus an bealach ina bhféadfar an fhaisnéis sin a fháil.
Airteagal 6 4.

Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr, a bheidh scríofa ar bhealach beacht agus a bheidh ar thrí thaobh ar a mhéad de leathanach A4 agus é clóite, agus inchomparáideacht á cur chun cinn ar an tslí sin. Beidh na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(a) 

cuirfear é i láthair agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh méide de;

(b) 

díreofar ann ar an bhfaisnéis bunriachtanach a theastaíonn ó infheisteoirí miondíola;

(c) 

beidh an fhaisnéis léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint, go háirithe, i bhfriotal soiléir, gonta agus sothuigthe.

Airteagal 6 5.
I gcás ina bhfuil dathanna sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní chuirfidh siad isteach ar shothuigtheacht na faisnéise má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chló nó má dhéantar é a fhótachóipeáil i ndubh agus bán.
Airteagal 6 6.
I gcás ina n-úsáidtear brandáil chorparáideach nó lógó an mhonaróra PRIIP nó an ghrúpa lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní bhainfidh sé aire an infheisteora miondíola ón fhaisnéis atá sa doiciméad ná ní chuirfidh sé aon chuid den téacs i bhfolach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.