+Airteagal 14
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.

Airteagal 14

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Soláthróidh an duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP nó a bhfuil PRIIP á dhíol aige an doiciméad faisnéise bunriachtanaí d'infheisteoirí miondíola saor in aisce.
Airteagal 14 2.

Soláthróidh an duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP nó a bhfuil PRIIP á dhíol aige an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir miondíola ar cheann de na meáin seo a leanas:

(a) 

ar pháipéir, agus ba cheart gur sin a bheidh mar an rogha réamhshocraithe i gcás ina dtairgtear PRIIP ar bhonn duine le duine, mura n-iarrann an t-infheisteoir miondíola a mhalairt;

(b) 

ar mheán marthanach eile nach páipéar é, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4; nó

(c) 

trí bhíthin suíomh gréasáin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 5.

Airteagal 14 3.
I gcás ina soláthraítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar mheán marthanach nach páipéar é nó ina soláthraítear ar shuíomh gréasáin é, soláthrófar cóip ar pháipéar d'infheisteoirí miondíola arna iarraidh sin agus déanfar sin saor in aisce. Cuirfear in iúl d'infheisteoirí miondíola go bhfuil de cheart acu cóip ar pháipéar a iarraidh saor in aisce.
Airteagal 14 4.

Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí mheán marthanach eile a úsáid seachas páipéar má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is iomchuí an meán marthanach a úsáid i gcomhthéacs an ghnó arna dhéanamh idir an duine a thugann comhairle maidir le PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola; agus

(b) 

tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó tríd an meán marthanach, agus roghnaigh sé an meán eile sin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith.

Airteagal 14 5.

Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí bhíthin suíomh gréasáin nach dtagann faoin sainmhíniú ar mheán marthanach má chomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:

(a) 

is iomchuí an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil trí bhíthin suíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola;

(b) 

tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó trí shuíomh gréasáin, agus roghnaigh sé trí bhíthin suíomh gréasáin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith;

(c) 

cuireadh seoladh an tsuímh ghréasáin in iúl don infheisteoir miondíola go leictreonach nó i scríbhinn mar aon leis an áit ar an suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí;

(d) 

tá an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil go leanúnach ar an suíomh gréasáin sin agus gur féidir é a íoslódáil agus a stóráil ar mheán marthanach, go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá réasúnta ag an infheisteoir miondíola léi chun an fhaisnéis a léamh.

I gcás ina bhfuil leasuithe déanta ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfear iar-leaganacha ar fáil freisin arna iarraidh sin don infheisteoir miondíola;

Airteagal 14 6.
Chun críocha mhír 4 agus mhír 5, measfar gurb iomchuí faisnéis a sholáthar trí mheán marthanach seachas páipéar nó trí bhíthin suíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine atá ag díol PRIIP nó ag tabhairt comhairle ina thaobh agus an t-infheisteoir miondíola má tá fianaise ann go bhfuil rochtain rialta ag an infheisteoir miondíola ar an idirlíon. Má sholáthraíonn an t-infheisteoir miondíola seoladh ríomhphoist chun críocha an ghnó sin, féachfar air sin mar fhianaise den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.