+Airteagal 29
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.

Airteagal 29

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreáin gréasáin oifigiúla cinneadh nach ndearnadh achomharc ina choinne agus lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin as sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) gan aon mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear an smachtbhanna nó beart ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Áireofar sa foilsiú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

cineál agus nádúr an tsáraithe;

(b) 

céannacht na ndaoine atá freagrach.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena gcuirtear chun feidhme bearta de nádúr imscrúdaitheach.

Nuair a mheasann t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanacha nó chéannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha míréireach, ámh, agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:

(a) 

cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a ghearradh go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b) 

foilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a ghearradh gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má dheimhnítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c) 

ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo chun an méid a leanas a áirithiú:

(i) 

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii) 

comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin i ndáil le bearta a meastar ar mionbhearta iad.

Airteagal 29 2.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚMEanna dá réir maidir leis na smachtbhannaí riarachain nó bearta riaracháin uile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír de mhír 1 lena n-áirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air.

Má dhéantar cinneadh beart nó smachtbhanna den chineál sin a fhoilsiú gan ainm féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnaí má fhéachtar leis go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.

Airteagal 29 3.
Nuair fhoráiltear sa dlí náisiúnta go bhfoilseofar freisin an cinneadh chun beart nó smachtbhanna a fhorchur, ar cinneadh é atá faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach nó eile, foilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin ar a suíomh gréasáin, gan aon mhoill mhíchuí, agus foilseoidh siad freisin gach faisnéis sa bhreis a bheidh acu ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin. Sa bhreis air sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar ceal aon chinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le beart nó smachtbhanna a fhorchur agus a fhoilsiú.
Airteagal 29 4.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán, i gcomhréir leis an Airteagal seo, sin ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1286
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.