|
+Airteagal 29 1. |
Airteagal 29 1.Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreáin gréasáin oifigiúla cinneadh nach ndearnadh achomharc ina choinne agus lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin as sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) gan aon mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear an smachtbhanna nó beart ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin. Áireofar sa foilsiú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)
cineál agus nádúr an tsáraithe;
(b)
céannacht na ndaoine atá freagrach. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena gcuirtear chun feidhme bearta de nádúr imscrúdaitheach. Nuair a mheasann t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanacha nó chéannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha míréireach, ámh, agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:
(a)
cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a ghearradh go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;
(b)
foilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a ghearradh gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má dheimhnítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó
(c)
ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo chun an méid a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(ii)
comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin i ndáil le bearta a meastar ar mionbhearta iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|