+Airteagal 3 An oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú agus díolúine ón oibleagáid sin
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 2a.
---+Airteagal 3 2b.
---+Airteagal 3 2c.
---+Airteagal 3 2d.
---+Airteagal 3 3.

Airteagal 3 An oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú agus díolúine ón oibleagáid sin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus do mhíreanna 2 agus 2a den Airteagal seo, ní thairgfear urrúis don phobal san Aontas ach tar éis réamhfhoilsiú réamheolaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 3 2.

Gan dochar d’Airteagal 4, díolmhófar tairiscintí urrús don phobal ón oibleagáid réamheolaire a leagtar amach i mír 1 a fhoilsiú ar choinníoll:

(a) 

nach bhfuil tairiscintí den sórt sin faoi réir fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b) 

gur lú ná EUR 12 000 000 in aghaidh an eisitheora nó an tairgeora an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a tairgeadh, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí.

Airteagal 3 2a.
De mhaolú ar mhír 2, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú a leagtar amach i mír 1 ar choinníoll gur lú ná EUR 5 000 000 an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear in aghaidh an eisitheora nó an tairgeora arna ríomh in imeacht tréimhse 12 mhí.
Airteagal 3 2b.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM i gcás ina gcinnfidh siad an tairseach díolúine EUR 5 000 000 a leagtar síos i mír 2a a ghlacadh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra freisin don Choimisiún agus do ÚEUM i gcás ina gcinnfidh siad ina dhiaidh sin an tairseach díolúine EUR 12 000 000 dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a ghlacadh ina ionad sin.
Airteagal 3 2c.
Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal, dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), agus i mír 2a, comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun Airteagal 1(4), an chéad fhomhír. Thairis sin, áireofar i gcomaoin chomhiomlánaithe iomlán na n-urrús a thairgtear don phobal gach cineál agus gach aicme urrús a thairgtear.
Airteagal 3 2d.
I gcás ina ndíolmhaítear tairiscint urrús don phobal ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun mhír 2, pointe (b), nó mhír 2a, féadfaidh Ballstát a cheangal ar an eisitheoir doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(3) go (10) agus (12), nó doiciméad ina bhfuil ceanglais faisnéise ar an leibhéal náisiúnta, a chomhdú agus a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ar choinníoll go bhfuil méid agus leibhéal faisnéise den sórt sin coibhéiseach leis an bhfhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(4) go (10) agus (12) nó níos ísle ná í.
Airteagal 3 3.
Gan dochar d’Airteagal 1(5), ní ligfear urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá lonnaithe nó ag feidhmiú san Aontas ach amháin tar éis réamheolaire a bheith foilsithe roimh ré i gcomhréir leis an Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.