+Airteagal 7 7.

Airteagal 7 7.

►M5  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (c): ◄

(a) 

faoi fho-roinn dar teideal 'Cad iad príomhghnéithe na n-urrús?', tuairisc ghairid ar na hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus/nó atá á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

a gcineál, a n-aicme agus ISIN,

(ii) 

i gcás inarb iomchuí, a n-airgeadra, a n-ainmníocht, a bparluach, an líon urrús a eisíodh, agus téarma na n-urrús;

(iii) 

na cearta a ghabhann leis na hurrúis;

(iv) 

sinsearacht choibhneasta na n-urrús i struchtúr caipitil an eisitheora i gcás dócmhainneachta, lena n-áirítear, más infheidhme, faisnéis faoi leibhéal fo-ordaithe na n-urrús agus faoin tionchar féideartha ar an infheistíocht i gcás réiteach faoi Threoir 2014/59/CE;

(v) 

aon srianta ar a n-inaistritheacht saor in aisce;

(vi) 

i gcás inarb infheidhme, an beartas díbhinní nó eisíocaíochta;

(b) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cá dtrádálfar na hurrúis?”, léiriú á thabhairt le fios an bhfuil nó an mbeidh na hurrúis faoi réir iarraitais lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach agus ina sainaithneofar na margaí uile ina ndéantar nó ina ndéanfar na hurrúis a thrádáil.

(c) 

i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faoi fho-roinn dar teideal “An bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis?” an fhaisnéis seo a leanas:

(i) 

tuairisc ghairid ar chineál agus raon feidhme na ráthaíochta,

(ii) 

tuairisc ghairid ar an ráthóir, lena n-áirítear a LEI,

(iii) 

faisnéis bhunriachtanach airgeadais is ábhartha chun críche measúnú a dhéanamh ar chumas an ráthóra a ghealltanais a chomhlíonadh faoin ráthaíocht, agus

(iv) 

tuairisc ghairid ar na ►C1  toisc riosca ◄ is ábhartha a bhaineann leis an ráthóir a áirítear sa réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 16(3) nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

▼C1

(d) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cé na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis?” tuairisc ghairid ar na tosca riosca is ábhartha do na hurrúis go sonrach, atá sa réamheolaire, nach mó ná líon iomlán na dtosca riosca a leagtar amach i mír 10.

▼B

I gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo. I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, gach Ballstát a ghníomhaíonn mar Bhallstát baile chun críche an Rialacháin seo, féadfaidh sé a cheangal ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo sna réamheolairí arna bhformheas ag a údarás inniúil.

I gcás in a bhfuil ionadú an ábhair de bhun an dara fomhír, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an t-uasfhad a leagtar amach i mír 3. Áireofar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar roinn leithleach den achoimre. I leagan amach leathanaigh na roinne sin, saineofar go soiléir mar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí é mar a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d'Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 1286/2014.

I gcás, i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 8(9), ina gcuimsítear roinnt urrús in achoimre amháin nach bhfuil de dhifear eatarthu ach méid beag mionsonraí, amhail an praghas eisiúna nó an dáta aibíochta, déanfar, an teorainn faid a leagtar amach i mír 3 a shíneadh le dá thaobh bhreise de leathanach A4. Mar sin féin, i gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú do na hurrúis sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus go dtéann an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar aghaidh leis an ionadú an ábhair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an teorainn faid le haghaidh gach urrúis bhreise.

▼M5

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), san achoimre, cuirfear síneadh leis an uasfhad a leagtar amach i mír 3 le taobh breise amháin de pháipéar A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go bhfuil na taobhanna breise de pháipéar A4 tiomnaithe don tuairisc ar na ráthóirí.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.