+Airteagal 7 Achoimre an réamheolaire
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
---+Airteagal 7 10.
---+Airteagal 7 11.
---+Airteagal 7 12.
---+Airteagal 7 12a.
---+Airteagal 7 13.
---+Airteagal 7 14.
---+Airteagal 7 15.

Airteagal 7 Achoimre an réamheolaire

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Beidh achoimre sa réamheolaire ina dtabharfar faisnéis bhunriachtanach a bheidh ag teastáil ó infheisteoirí le go dtuigfidh siad cineál agus priacail an eisitheora, an ráthóra agus na n-urrús atá á dtairiscint nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus, léifear í in éineacht le codanna eile den réamheolaire chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á mbreithniú acu ar cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh gá le hachoimre nuair a bhaineann an réamheolaire le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar choinníoll:

(a) 

nach bhfuil urrúis den chineál sin le trádáil ach amháin ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de, nach bhféadfaidh ach amháin infheisteoirí cáilithe rochtain a fháil air chun críocha trádáil sna hurrúis sin; nó

(b) 

go bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad ag na hurrúis sin in aghaidh an aonaid.

Airteagal 7 2.
Beidh inneachar na hachoimre cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Tá an achoimre le léamh mar réamhrá a ghabhann leis an réamheolaire agus beidh sí comhsheasmhach leis na codanna eile den réamheolaire.
Airteagal 7 3.

Doiciméad gearr beacht a bheidh san achoimre, doiciméad nach mbeidh níos mó ná seacht dtaobh de leathanaigh A4 ann agus é clóite. Beidh an achoimre:

(a) 

curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach soléite, ag úsáid carachtair atá inléite ó thaobh méid de;

(b) 

scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca, go háirithe, i bhfriotal soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar faisnéis a chur i láthair nó a achoimriú i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí.

Airteagal 7 4.

►M5  Beidh na ceithre roinn seo a leanas san achoimre san ord seo a leanas: ◄

(a) 

réamhrá agus rabhaidh ann;

(b) 

faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(c) 

faisnéis bhunriachtanach faoi na hurrúis;

(d) 

faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal agus/nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Airteagal 7 5.

►M5  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), san ord seo a leanas: ◄

(a) 

an t-ainm agus an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a bhaineann leis na hurrúis;

(b) 

céannacht agus sonraí teagmhála an eisitheora, lena n-áirítear a aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);

(c) 

i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála an tairgeora, lena n-áirítear a LEI má tá pearsantacht dhlítheanach ag an tairgeoir, nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(d) 

céannacht agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a fhormheasann an réamheolaire agus, más éagsúil, an údaráis inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch;

(e) 

dáta formheasa an réamheolaire.

▼M5

Beidh na rabhaidh seo a leanas inti san ord seo a leanas:

▼B

(a) 

ní mór an achoimre a léamh mar réamhrá a ghabhann leis an réamheolaire;

(b) 

ba cheart aon chinneadh infheistiú sna hurrúis a bheith bunaithe ar bhreithniú a rinne an t-infheisteoir ar an réamheolaire ina iomláine;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, go bhféadfaidh an t-infheisteoir an caipiteal infheistithe ar fad nó cuid de a chailleadh agus, i gcás nach bhfuil dliteanas an infheisteora teoranta do mhéid an infheistíochta, rabhadh gur féidir leis an infheisteoir níos mó ná an caipiteal a infheistíodh a chailleadh agus méid na gcaillteanas ionchasach sin;

(d) 

i gcás ina dtugtar éileamh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire os comhair cúirte, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an infheisteoir is gearánaí na costais a bhaineann le haistriú an réamheolaire a sheasamh, faoin dlí náisiúnta, sula dtionscnófar na himeachtaí dlíthiúla;

(e) 

is ar na daoine sin a leag amach an achoimre, lena n-áirítear aon aistriúchán di, agus orthu sin amháin, atá dliteanas sibhialta, ach amháin i gcás ina bhfuil an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, nó más rud é, nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den réamheolaire í, nach dtugtar faisnéis bhunriachtanach inti chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á mbreithniú acu cibé acu ar cheart nó nár cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, an foláireamh tuisceana atá riachtanach i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(3);

▼M5

(g) 

i gcás inarb infheidhme, fógra gur shainaithin an chuideachta saincheisteanna comhshaoil mar thosca riosca ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16.

▼B

Airteagal 7 6.

►M5  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (b): ◄

(a) 

faoi fho-roinn dar teideal 'Cé hé eisitheoir na n-urrús?', tuairisc ghairid ar eisitheoir na n-urrús, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(i) 

a shainchónaí agus a fhoirm dhlíthiúil, a LEI, an dlí faoina bhfeidhmíonn sé agus tír a chorpraithe;

(ii) 

a phríomhghníomhaíochtaí;

(iii) 

a scairshealbhóirí móra, lena n-áirítear an bhfuil sé faoi úinéireacht nó faoi rialú díreach nó indíreach agus, má tá, ainm an úinéara nó an rialaitheora sin;

(iv) 

céannacht a phríomhstiurthóirí bainistíochta;

(v) 

céannacht a iniúchóirí reachtúla.

▼M5

(vi) 

i gcás ina bhfuil eisitheoir urrús cothromais faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), ráiteas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil baint ag gníomhaíochtaí an eisitheora le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán sin.

▼B

(b) 

faoi fho-roinn dar teideal 'Cad í an fhaisnéis airgeadais bhunriachtanach a bhaineann leis an eisitheoir?' rogha d'fhaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais maidir le gach bliain airgeadais den tréimhse a chuimsítear leis an bhfaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais, agus maidir le haon tréimhse eatramhach airgeadais ina dhiaidh sin a bhfuil sonraí comparáideacha ón tréimhse chéanna sa bhliain airgeadais roimhe sin ag gabháil léi. Déanfar an ceanglas maidir le faisnéis chomparáideach ón gclár comhardaithe a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis ón gclár comhardaithe deiridh bliana a thabhairt. Áireofar san fhaisnéis bhunriachtanach airgeadais, i gcás inarb iomchuí, an méid a leanas:

(i) 

faisnéis airgeadais pro forma;

(ii) 

►C1  tuairisc ghairid ◄ ar aon cháilíochtaí sa tuarascáil iniúchóireachta a bhaineann leis an bhfaisnéis stairiúil airgeadais.

(c) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cé na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir?” ►C1  tuairisc ghairid ◄ ar na ►C1  toisc riosca ◄ is ábhartha a bhaineann leis an eisitheoir atá sa réamheolaire, agus nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

Airteagal 7 7.

►M5  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (c): ◄

(a) 

faoi fho-roinn dar teideal 'Cad iad príomhghnéithe na n-urrús?', tuairisc ghairid ar na hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus/nó atá á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

a gcineál, a n-aicme agus ISIN,

(ii) 

i gcás inarb iomchuí, a n-airgeadra, a n-ainmníocht, a bparluach, an líon urrús a eisíodh, agus téarma na n-urrús;

(iii) 

na cearta a ghabhann leis na hurrúis;

(iv) 

sinsearacht choibhneasta na n-urrús i struchtúr caipitil an eisitheora i gcás dócmhainneachta, lena n-áirítear, más infheidhme, faisnéis faoi leibhéal fo-ordaithe na n-urrús agus faoin tionchar féideartha ar an infheistíocht i gcás réiteach faoi Threoir 2014/59/CE;

(v) 

aon srianta ar a n-inaistritheacht saor in aisce;

(vi) 

i gcás inarb infheidhme, an beartas díbhinní nó eisíocaíochta;

(b) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cá dtrádálfar na hurrúis?”, léiriú á thabhairt le fios an bhfuil nó an mbeidh na hurrúis faoi réir iarraitais lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach agus ina sainaithneofar na margaí uile ina ndéantar nó ina ndéanfar na hurrúis a thrádáil.

(c) 

i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faoi fho-roinn dar teideal “An bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis?” an fhaisnéis seo a leanas:

(i) 

tuairisc ghairid ar chineál agus raon feidhme na ráthaíochta,

(ii) 

tuairisc ghairid ar an ráthóir, lena n-áirítear a LEI,

(iii) 

faisnéis bhunriachtanach airgeadais is ábhartha chun críche measúnú a dhéanamh ar chumas an ráthóra a ghealltanais a chomhlíonadh faoin ráthaíocht, agus

(iv) 

tuairisc ghairid ar na ►C1  toisc riosca ◄ is ábhartha a bhaineann leis an ráthóir a áirítear sa réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 16(3) nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

▼C1

(d) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cé na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis?” tuairisc ghairid ar na tosca riosca is ábhartha do na hurrúis go sonrach, atá sa réamheolaire, nach mó ná líon iomlán na dtosca riosca a leagtar amach i mír 10.

▼B

I gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo. I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, gach Ballstát a ghníomhaíonn mar Bhallstát baile chun críche an Rialacháin seo, féadfaidh sé a cheangal ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo sna réamheolairí arna bhformheas ag a údarás inniúil.

I gcás in a bhfuil ionadú an ábhair de bhun an dara fomhír, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an t-uasfhad a leagtar amach i mír 3. Áireofar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar roinn leithleach den achoimre. I leagan amach leathanaigh na roinne sin, saineofar go soiléir mar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí é mar a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d'Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 1286/2014.

I gcás, i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 8(9), ina gcuimsítear roinnt urrús in achoimre amháin nach bhfuil de dhifear eatarthu ach méid beag mionsonraí, amhail an praghas eisiúna nó an dáta aibíochta, déanfar, an teorainn faid a leagtar amach i mír 3 a shíneadh le dá thaobh bhreise de leathanach A4. Mar sin féin, i gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú do na hurrúis sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus go dtéann an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar aghaidh leis an ionadú an ábhair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an teorainn faid le haghaidh gach urrúis bhreise.

▼M5

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), san achoimre, cuirfear síneadh leis an uasfhad a leagtar amach i mír 3 le taobh breise amháin de pháipéar A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go bhfuil na taobhanna breise de pháipéar A4 tiomnaithe don tuairisc ar na ráthóirí.

▼B

Airteagal 7 8.

►M5  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (d): ◄

(a) 

faoi fho-roinn dar teideal 'Cé na coinníollacha agus cén t-amchlár faoinar féidir liom infheistiú san urrús seo?', más infheidhme, téarmaí agus coinníollacha ginearálta na tairisceana agus an t-amchlár a bhfuil coinne leis, na mionsonraí a bhaineann leis an urrús a ligean isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte, an plean dáileacháin, méid agus céatadán an chaolaithe a thiocfaidh láithreach as an tairiscint agus meastachán ar chostas iomlán na heisiúna agus/nó na tairisceana, lena n-áirítear meastachán ar an gcostas a ghearrfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir ar an infheisteoir.

(b) 

murab ionann é agus an t-eisitheoir, faoi fho-roinn dar teideal “Cé hé an tairgeoir agus/nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála?”, tuairisc ghairid ar thairgeoir na n-urrús agus/nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lena n-áirítear a shainchónaí agus a fhoirm dhlíthiúil, an dlí faoina bhfuil sé ag oibriú agus tír a chorpraithe;

(c) 

faoi fho-roinn dar teideal “Cén fáth a bhfuil an réamheolaire seo á tháirgeadh?” tuairisc ghairid ar na cúiseanna atá leis an tairiscint nó leis na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus, más infheidhme,

(i) 

ar an úsáid a bhainfear as na fáltais agus ar ghlanmhéid measta na bhfáltas;

(ii) 

léiriú á thabhairt le fios an bhfuil an tairiscint faoi réir comhaontú frithgheallta ar bhonn oibleagáid dhaingean, ina luaitear aon chuid nach gcumhdaítear,

(iii) 

léiriú ar na coinbhleachtaí leasa is ábhartha a bhaineann leis an tairiscint nó an ligean isteach na n-urrús chun a dtrádála.

Airteagal 7 9.
Faoi gach ceann de na ranna a bhfuil tuairisc orthu i mír 6, i mír 7 agus i mír 8, féadfaidh an t-eisitheoir fo-cheannteidil a chur leo más gá, dar leis.
Airteagal 7 10.
Ní rachaidh líon iomlán na bhfachtóirí priacail a áirítear i ranna na hachoimre dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 6 agus i bpointe (c)(iv) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 7 thar 15.
Airteagal 7 11.
Ní bheidh crostagairtí do chodanna eile den réamheolaire san achoimre ná ní chorprófar faisnéis de réir tagairtí ann.
Airteagal 7 12.
I gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú le haghaidh na n-urrús atá á dtairiscint don phobal faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus ina n-éilíonn Ballstát baile ar an eisitheoir, ar an tairgeoir nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ionadú a dhéanamh ar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar a leagtar amach i gcomhréir leis an dara habairt den dara fomhír de mhír 7 den Airteagal seo, measfar go bhfuil an oibleagáid chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar comhlíonta, le linn thréimhse na tairisceana, ag na daoine a thugann comhairle maidir le hurrúis nó a dhíolann na hurrúis thar ceann an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, de réir Airteagal 13 de Rialachán(AE) Uimh 1286/2014, ar an gcoinníoll go gcuireann siad an méid seo a leanas ar fáil do na hinfheisteoirí lena mbaineann ina ionad: achoimre an réamheolaire faoin uainiú agus faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal, 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán sin.
Airteagal 7 12a.
De mhaolú ar mhíreanna 3 go 12 den Airteagal seo, beidh achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir leis an mír seo i réamheolaire leantach AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a, nó i réamheolaire eisiúna fáis AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 15a.

Déanfar achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad gairid a scríobhfar ar bhealach gonta agus a mbeidh uasfhad seacht dtaobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte.

Ní bheidh crostagairtí san achoimre ar réamheolaire leantach AE ná ar réamheolaire eisiúna fáis AE chuig codanna eile den réamheolaire ná ní bheidh faisnéis corpraithe inti trí thagairt agus comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh sí curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach soléite, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méid de;

(b) 

beidh sí scríofa i dteanga a bheidh soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus intuigthe d’infheisteoirí agus i stíl a éascóidh an tuiscint ar an bhfaisnéis;

(c) 

beidh na ranna seo a leanas inti san ord seo a leanas:

(i) 

réamhrá, ina bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear rabhaidh agus dáta formheasta an réamheolaire leantaigh AE nó an réamheolaire eisiúna fáis AE;

(ii) 

faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(iii) 

faisnéis bhunriachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainneacha ar na cearta sin;

(iv) 

faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó faoin dá rud;

(v) 

i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faisnéis bhunriachtanach faoin ráthóir agus faoi chineál agus raon feidhme na ráthaíochta.

Gan dochar don tríú fomhír, pointí (a) agus go (b), féadfar faisnéis a chur i láthair nó a achoimriú in achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna Fáis AE i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí.

"I gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (c)(v), san achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE, déanfar an t-uasfhad dá dtagraítear sa dara fomhír a leathnú le taobh breise amháin de leathanaigh A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go mbeidh na taobhanna breise de leathanaigh A4 tiomnaithe do thuairiscí ar na ráthóirí.

Airteagal 7 13.

Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla a dhréachtú chun inneachar agus formáid chur i láthair na faisnéise airgeadais bunriachtanaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6, agus na faisnéise airgeadais bunriachtanaí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 7, a shainiú, agus na cineálacha éagsúla urrús agus eisitheoirí á gcur san áireamh, agus áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis a thugtar ar aird gonta agus sothuigthe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7 14.
Forbróidh ÚEUM treoirlínte maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid in achoimrí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir.
Airteagal 7 15.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad agus leagan amach na n-achoimrí a shonrú, lena n-áirítear na ceanglais chlómhéide agus stíle.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.