|
+Airteagal 7 12a. |
Airteagal 7 12a.De mhaolú ar mhíreanna 3 go 12 den Airteagal seo, beidh achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir leis an mír seo i réamheolaire leantach AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a, nó i réamheolaire eisiúna fáis AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 15a. Déanfar achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad gairid a scríobhfar ar bhealach gonta agus a mbeidh uasfhad seacht dtaobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte. Ní bheidh crostagairtí san achoimre ar réamheolaire leantach AE ná ar réamheolaire eisiúna fáis AE chuig codanna eile den réamheolaire ná ní bheidh faisnéis corpraithe inti trí thagairt agus comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
(a)
beidh sí curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach soléite, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méid de;
(b)
beidh sí scríofa i dteanga a bheidh soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus intuigthe d’infheisteoirí agus i stíl a éascóidh an tuiscint ar an bhfaisnéis;
(c)
beidh na ranna seo a leanas inti san ord seo a leanas:
(i)
réamhrá, ina bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear rabhaidh agus dáta formheasta an réamheolaire leantaigh AE nó an réamheolaire eisiúna fáis AE;
(ii)
faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;
(iii)
faisnéis bhunriachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainneacha ar na cearta sin;
(iv)
faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó faoin dá rud;
(v)
i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faisnéis bhunriachtanach faoin ráthóir agus faoi chineál agus raon feidhme na ráthaíochta. Gan dochar don tríú fomhír, pointí (a) agus go (b), féadfar faisnéis a chur i láthair nó a achoimriú in achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna Fáis AE i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí. "I gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (c)(v), san achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE, déanfar an t-uasfhad dá dtagraítear sa dara fomhír a leathnú le taobh breise amháin de leathanaigh A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go mbeidh na taobhanna breise de leathanaigh A4 tiomnaithe do thuairiscí ar na ráthóirí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|