|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Ní luafar sa réamheolaire ach na toscariosca sin a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus leis na hurrúis agus atá ábhartha maidir le cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh, de réir mar a thagann sé le hinneachar an réamheolaire. Ní chuimseofar tosca riosca cineálacha i réamheolaire, tosca nach bhfeidhmíonn ach mar shéanadh, nó nach dtugtar léargas sách soiléir leo ar na tosca sonracha riosca ar cheart d’infheisteoirí a bheith ar an eolas fúthu. Agus an réamheolaire á tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó na daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, déanfaidh sé ábharthacht na dtosca riosca a mheasúnú ar bhonn dhóchúlacht a dtarlaithe agus mhéid a dtionchair diúltaigh. Déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar gach toisc riosca, agus míneoidh sé conas a dhéantar difear leis an toisc riosca sin don eisitheoir, nó conas a dhéantar difear léi do na hurrúis atá á dtairiscint nó atá le ligean isteach chun a dtrádála. Féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí nó daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte an measúnú ar ábharthacht na dtosca riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír a nochtadh freisin trí úsáid a bhaint as scála cáilíochtúil íseal, meánach nó ard, dá rogha féin. Cuirfear na tosca riosca láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a gcineál. I ngach catagóir, liostófar, ar bhealach atá comhréireach leis an measúnú dá bhforáiltear sa tríú fomhír, na tosca riosca is ábhartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|