+Airteagal 16 Toisc riosca
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16 Toisc riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Ní luafar sa réamheolaire ach na toscariosca sin a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus leis na hurrúis agus atá ábhartha maidir le cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh, de réir mar a thagann sé le hinneachar an réamheolaire.

Ní chuimseofar tosca riosca cineálacha i réamheolaire, tosca nach bhfeidhmíonn ach mar shéanadh, nó nach dtugtar léargas sách soiléir leo ar na tosca sonracha riosca ar cheart d’infheisteoirí a bheith ar an eolas fúthu.

Agus an réamheolaire á tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó na daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, déanfaidh sé ábharthacht na dtosca riosca a mheasúnú ar bhonn dhóchúlacht a dtarlaithe agus mhéid a dtionchair diúltaigh.

Déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar gach toisc riosca, agus míneoidh sé conas a dhéantar difear leis an toisc riosca sin don eisitheoir, nó conas a dhéantar difear léi do na hurrúis atá á dtairiscint nó atá le ligean isteach chun a dtrádála. Féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí nó daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte an measúnú ar ábharthacht na dtosca riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír a nochtadh freisin trí úsáid a bhaint as scála cáilíochtúil íseal, meánach nó ard, dá rogha féin.

Cuirfear na tosca riosca láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a gcineál. I ngach catagóir, liostófar, ar bhealach atá comhréireach leis an measúnú dá bhforáiltear sa tríú fomhír, na tosca riosca is ábhartha.

Airteagal 16 2.
Áiritheofar le ►C1  toisc riosca ◄ freisin iad siúd a eascraíonn as leibhéal fo-ordaithe urrúis agus tionchar mhéid nó uainiú, mar a mheastar, na n-íocaíochtaí do shealbhóirí na n-urrús i gcás féimheachta, nó aon nós imeachta eile dá samhail, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dócmhainneacht institiúide creidmheasa nó a réitigh nó a athstruchtúraithe i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE).
Airteagal 16 3.
I gcás ina mbeidh ráthaíocht ag dul leis na hurrúis, beidh na tosca sonracha agus ábhartha riosca sa réamheolaire a bhaineann leis an ráthóir a mhéid atá siad ábhartha do chumas an ráthóra a chuid gealltanas a chomhlíonadh faoin ráthaíocht.
Airteagal 16 4.
D’fhonn a spreagadh chun nochtadh iomchuí, dírithe a dhéanamh i ndáil le ►C1  toisc riosca ◄ , forbróidh ÚEUM treoirlínte chun cabhrú leis na húdaráis inniúla ina n-athbhreithniú ar shainiúlacht agus ar ábharthacht na bhfachtóirí priacail agus ar chur i láthair na bhfachtóirí priacail sna catagóirí éagsúla ag brath ar a gcineál.
Airteagal 16 5.
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir a shonrú don mheasúnú arna dhéanamh ar shainiúlacht agus ar ábharthacht na bhfachtóirí priacail agus do chur i láthair na bhfachtóirí priacail sna catagóirí éagsúla ag brath ar a nádúr.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.