+Airteagal 18 Faisnéis a fhágáil amach
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
|
Airteagal 18 Faisnéis a fhágáil amach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarú a thabhairt faisnéis áirithe atá le cur sa réamheolaire, nó codanna de, a fhágáil ar lár, i gcás ina measann sé go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeadh nochtadh na faisnéise sin in aghaidh leas an phobail;
(b)
go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar tromchúiseach don eisitheoir nó don ráthóir, más ann dó, ar choinníoll nach mbeadh mar thoradh ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár gur dhócha go gcuirfí an pobal amú maidir le fíricí agus tosca atá bunriachtanach le measúnú feasach a dhéanamh ar an eisitheoir nó ar an ráthóir, más ann dó, agus ar na cearta a théann leis na hurrúis a mbaineann an réamheolaire leo;
(c)
nach bhfuil mórán tábhachta leis an bhfaisnéis sin maidir le tairiscint ar leith nó maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar leith agus nach n-imreodh sé tionchar ar mheasúnú staid agus ionchais airgeadais an eisitheora nó an ráthóra, más ann dó.
Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil faoi bhráid ÚEUM gach bliain maidir leis an bhfaisnéis a d'údaraigh ÚEUM a fhágáil ar lár.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Ar choinníoll go soláthraítearleordhóthanacht na faisnéise do na hinfheisteoirí, más rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil faisnéis áirithe is gá a chur i réamheolaire, nó codanna de, mí-oiriúnach do réimse gníomhaíochta nó d'fhoirm dhlíthiúil an eisitheora nó an ráthóra, más ann dó, do na hurrúis lena mbaineann an réamheolaire, tabharfar faisnéis sa réamheolaire, nó codanna de, atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis is gá a thabhairt, ach amháin nuair nach ann dá leithéid sin d'fhaisnéis.
|
|
Airteagal 18 3.
|
I gcás ina bhfuil urrúis ráthaithe ag Ballstát, beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, le linn dó réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4, i dteideal faisnéis a bhaineann leis an mBallstát sin a fhágáil ar lár.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Féadfaidh ÚEUM, nó an Coimisiún i gcás ina n-iarrann sé amhlaidh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, chun na cásanna sin a shonrú inar féidir faisnéis a fhágáil ar lár i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha sin a chuir údaráis inniúla faoi bhráid ÚEUM dá dtagraítear i mír 1.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|