|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarú a thabhairt faisnéis áirithe atá le cur sa réamheolaire, nó codanna de, a fhágáil ar lár, i gcás ina measann sé go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeadh nochtadh na faisnéise sin in aghaidh leas an phobail;
(b)
go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar tromchúiseach don eisitheoir nó don ráthóir, más ann dó, ar choinníoll nach mbeadh mar thoradh ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár gur dhócha go gcuirfí an pobal amú maidir le fíricí agus tosca atá bunriachtanach le measúnú feasach a dhéanamh ar an eisitheoir nó ar an ráthóir, más ann dó, agus ar na cearta a théann leis na hurrúis a mbaineann an réamheolaire leo;
(c)
nach bhfuil mórán tábhachta leis an bhfaisnéis sin maidir le tairiscint ar leith nó maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar leith agus nach n-imreodh sé tionchar ar mheasúnú staid agus ionchais airgeadais an eisitheora nó an ráthóra, más ann dó. Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil faoi bhráid ÚEUM gach bliain maidir leis an bhfaisnéis a d'údaraigh ÚEUM a fhágáil ar lár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|