+Airteagal 19 1.

Airteagal 19 1.

Aon fhaisnéis a chuimseofar i réamheolaire de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, féadfar í a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagalo27 agus i gcás ina bhfuil sí cuimsithe i gceann de na doiciméid seo a leanas:

(a) 

doiciméid arna bhformheas ag údarás inniúil nó arna gcomhdú le húdarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch nó aon ranna den doiciméad sin;

(b) 

na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da), (db) agus (f) go (i), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (e) go (h);

▼B

(c) 

faisnéis rialáilte;

(d) 

faisnéis airgeadais bhliantúil agus eatramhach;

(e) 

tuarascálacha iniúchóireachta agus ráitis airgeadais;

▼M5

(f) 

tuarascálacha bainistíochta dá dtagraítear i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú maidir le hinbhuanaitheacht;

▼B

(g) 

ráitis rialachais chorparáidigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE;

(h) 

tuarascálacha ar luach sócmhainne nó cuideachta a chinneadh;

(i) 

tuarascálacha ar luach saothair amhail dá dtagraítear in Airteagal 9b de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );

(j) 

tuarascálacha bliantúla nó aon nochtadh faisnéise a cheanglaítear faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );

(k) 

meamram agus airteagail chomhlachais.

Is í an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir a bheidh san fhaisnéis sin.

I gcás nach ndéantar ach codanna áirithe de dhoiciméad a chorprú de réir tagairtí, cuirfear ráiteas isteach sa réamheolaire á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go gclúdaítear i gcuid eile den réamheolaire iad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.