|
+Airteagal 20 2. |
Airteagal 20 2.Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chuirfear isteach an dréacht-réamheolaire, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoina chinneadh maidir le formheas an réamheolaire don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an réamheolaire laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus do ÚEUM faoi na cúiseanna nár éirigh leis teacht ar chinneadh. Ní mheasfar, áfach, i gcás nár éirigh leis, gurb ionann sin agus an t-iarratas a fhormheas. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon mhainneachtain de chuid na n-údarás inniúil na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6, agus 6a a chomhlíonadh. Poibleoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil tuarascáil chomhiomlán maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla na teorainneacha ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM go bhfuil an réamheolaire agus aon fhorlíonadh ann formheasta, a luaithe is féidir agus aon nós tráth nach déanaí ná deireadh an chéad lá oibre tar éis an fógra sin a bheith tugtha don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|