+Airteagal 20 11.

Airteagal 20 11.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir maidir le réamheolairí a ghrinnscrúdú a shonrú, go háirithe iomláine, intuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise atá ann, agus na nósanna imeachta maidir leis an réamheolaire a fhormheas, agus gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

na himthosca ina bhfuil cead ag údarás inniúil critéir bhreise a úsáid chun an réamheolaire a ghrinnscrúdú, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí;

(b) 

na himthosca faoina gceadaítear d’údarás inniúil, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí, faisnéis a éileamh sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagail 6, 13, 14a, agus 15a chun réamheolaire, réamheolaire leantach AE nó réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas, lena n-áirítear an cineál faisnéise breise a nochtfar faoi na critéir bhreise dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo;

(c) 

an uastréimhse ama d’údarás inniúil chun grinnscrúdú an réamheolaire a thabhairt chun críche agus teacht ar chinneadh i dtaobh ar formheasadh an réamheolaire sin nó ar diúltaíodh an formheas, agus ar cuireadh deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe, agus coinníollacha maidir le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón tréimhse ama sin.

Leis an uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear san áireamh pointe (a) den fhomhír sin, meánlíon na n-atreoruithe idir an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach é chun bheith ag trádáil ar mhargadh rialáilte agus an t-údarás inniúil laistigh den iarratas céanna ar dhréacht-réamheolaire a fhormheas, agus na tréimhsí ama a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4, 6 agus 6a.

I gcás nach n-éiríonn leis an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh den uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, ní mheasfar gur formheas ar an iarratas atá sa mhainneachtain sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.