Foilseofar an réamheolaire i gcuid ar leith den suíomh gréasáin agus beidh rochtain éasca ó leathanach baile an tsuímh gréasáin ar an gcuid sin den suíomh. Beidh an réamheolaire in-íoslódáilte, inphriontáilte agus i bhformáid leictreonach inchuardaithe nach féidir a athrú.
Na doiciméid ina bhfuil faisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí, na forlíonta agus/nó na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leis an réamheolaire agus cóip leithleach den achoimre, beidh teacht orthu sa chuid chéanna den suíomh ina bhfuil an réamheolaire, trí bhíthin hipearnasc, freisin, más gá.
Sonrófar ar bhealach soiléir sa chóip leithleach den achoimre cén réamheolaire a bhaineann sí léi.