+Airteagal 21 An réamheolaire a fhoilsiú
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 5a.
---+Airteagal 21 5b.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 7.
---+Airteagal 21 8.
---+Airteagal 21 9.
---+Airteagal 21 10.
---+Airteagal 21 11.
---+Airteagal 21 12.
---+Airteagal 21 13.
|
Airteagal 21 An réamheolaire a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
A luaithe a dhéanfar an réamheolaire a fhormheas, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte é a chur ar fáil don phobal tráth réasúnach sula ndéanfar na hurrúis atá i gceist a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála, agus ar a dhéanaí faoin tráth a chuirfear tús lena dtairiscint don phobal nó lena ligean isteach chun a dtrádála.
▼M5
I gcás ina ndéantar aicme scaireanna a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte den chéad uair a thairiscint don phobal den chéad uair, cuirfear an réamheolaire ar fáil don phobal 3 lá oibre ar a laghad roimh dheireadh na tairisceana.;
▼B
|
|
Airteagal 21 2.
|
Measfar go mbeidh an réamheolaire, bíodh doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh ann, ar fáil don phobal a luaithe a fhoilseofar é i bhfoirm leictreonach ar aon cheann de na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
(a)
suíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte,
(b)
suíomh gréasáin na n-idirghabhálaithe airgeadais a chuireann na hurrúis ar fáil nó a dhíolann iad, lena n-áirítear gníomhairí íocaíochta;
(c)
suíomh gréasáin an mhargaidh rialáilte ar a n-iarrtar urrúis a ligean isteach chun a dtrádála nó i gcás nach bhfuiltear ag iarraidh aon ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, suíomh gréasáin oibreoir na MTF.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Foilseofar an réamheolaire i gcuid ar leith den suíomh gréasáin agus beidh rochtain éasca ó leathanach baile an tsuímh gréasáin ar an gcuid sin den suíomh. Beidh an réamheolaire in-íoslódáilte, inphriontáilte agus i bhformáid leictreonach inchuardaithe nach féidir a athrú.
Na doiciméid ina bhfuil faisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí, na forlíonta agus/nó na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leis an réamheolaire agus cóip leithleach den achoimre, beidh teacht orthu sa chuid chéanna den suíomh ina bhfuil an réamheolaire, trí bhíthin hipearnasc, freisin, más gá.
Sonrófar ar bhealach soiléir sa chóip leithleach den achoimre cén réamheolaire a bhaineann sí léi.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Ní gá próiseas clárúcháin a chur i gcrích, glacadh le séanadh maidir le dliteanas dlíthiúil a theorannú, ná táille a íoc chun an réamheolaire a rochtain. Rabhaidh lena sonraítear na dlínsí ina bhfuil tairiscint nó ligean isteach chun trádála á déanamh, ní mheasfar iad a bheith ina séanadh lena ndéantar an dliteanas dlíthiúil a theorannú.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Foilseoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile ar a shuíomh gréasáin na réamheolairí formheasta go léir nó ar a laghad liosta de na réamheolairí formheasta, lena n-áirítear hipearnasc chuig na codanna ar leith den suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. agus ainm nó ainmneacha an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach i gcás ina dtugtar fógra faoi na réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 25. Coinneofar an liosta a fhoilseofar, lena n-áirítear na hipearnaisc, cothrom le dáta agus fanfaidh gach mír ar an suíomh gréasáin ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i mhír 7 den Airteagal seo ar a laghad.
An tráth céanna a thabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi réamheolaire nó faoi aon fhorlíonadh a ghabhann leis a bheith formheasta, déanfaidh an t-údarás inniúil cóip leictreonach den réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis, a chur ar fáil do ÚEUM, mar aon leis na sonraí a bhfuil gá ag ÚEUM leo chun é a aicmiú sa chóras stórála dá dtagraítear i mír 6 agus de réir na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 47.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faisnéis maidir le gach fógra a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 25 a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 21 5a.
|
Déanfar réamheolaire leantach AE a aicmiú ar leithligh sa sásra stórála dá dtagraítear i mír 6 ar bhealach ina n-idirdhealófar é ó na cineálacha eile réamheolairí.
|
|
Airteagal 21 5b.
|
Déanfar réamheolaire eisiúna fáis AE a aicmiú sa sásra stórála dá dtagraítear i mír 6 ar bhealach ina n-idirdhealófar é ó na cineálacha eile réamheolairí.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Déanfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, na réamheolairí uile a fuarthas ó na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, mar aon le haon fhorlíonta a ghabhann leo, téarmaí críochnaitheacha agus aistriúcháin ghaolmhara, más infheidhme, agus faisnéis faoin mBallstát óstach nó faoi na Ballstáit óstaigh i gcás ina dtugtar fógra faoi na réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 25. Déanfar foilsiú a áirithiú trí bhíthin córas stórála lena gcuirfear rochtain agus feidhmeanna cuardaigh saor in aisce ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 21 7.
|
Beidh fáil ag an bpobal ar gach réamheolaire formheasta i bhfoirm leictreonach ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana tar éis a fhoilsithe ar na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 6.
I gcás ina n-úsáidtear hipearnaisc d’fhaisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí, agus na forlíonta agus/nó na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leis an réamheolaire, is hipearnaisc iad a bheidh feidhmiúil le linn na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 21 8.
|
Beidh i réamheolaire formheasta rabhadh feiceálach lena gcuirtear in iúl an uair a rachaidh bailíocht na réamheolairí in éag. Tabharfar le fios leis an rabhadh freisin nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid maidir le réamheolaire a fhorlíonadh i gcás fachtóirí nua tábhachtacha, botúin substainte, nó míchruinnis substainte, tráth nach mbeidh réamheolaire bailí a thuilleadh.
|
|
Airteagal 21 9.
|
I gcás réamheolaire ina bhfuil roinnt doiciméad agus/nó faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí, féadfar na doiciméid agus an fhaisnéis atá sa réamheolaire a fhoilsiú agus a dháileadh ar leithligh ar choinníoll go gcuirfear na doiciméid sin ar fáil don phobal de réir mhír 2. I gcás ina bhfuil doiciméid ar leithligh i réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 10, sonróidh gach ceann de na doiciméid sin, cé is moite de dhoiciméid a chorpraíodh de réir tagairtí, nach bhfuil ann ach cuid amháin den réamheolaire agus an áit a bhfuil na doiciméid ar leithligh eile le fáil.
|
|
Airteagal 21 10.
|
An réamheolaire agusaon fhorlíonadh a ghabhann leis an réamheolaire a chuirfear ar fáil don phobal, beidh a dtéacs agus a bhformáid mar an gcéanna, i ngach cás, leis an mbunleagan a d'fhormheas údarás inniúil an Bhallstáit baile.
|
|
Airteagal 21 11.
|
Tabharfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó na hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil na hurrúis á láithriú nó á ndíol acu, cóip saor in aisce den réamheolaire i bhformáid leictreonach d’aon infheisteoir ionchasach arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 21 12.
|
Féadfaidh ÚEUM, nó i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, caithfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh chun na ceanglais a bhaineann le foilsiú an réamheolaire a shonrú tuilleadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 21 13.
|
Ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na sonraí is gá chun réamheolairí a aicmiú mar a thagraítear dóibh i mír 5 agus na socruithe praiticiúla chun a áirithiú go bhfuil sonraí den sórt sin, lena n-áirítear ISINanna na n-urrús agus LEInna na n-eisitheoirí, na dtairgeoirí agus na ráthóirí, meaisín-inléite.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|