Foilseoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile ar a shuíomh gréasáin na réamheolairí formheasta go léir nó ar a laghad liosta de na réamheolairí formheasta, lena n-áirítear hipearnasc chuig na codanna ar leith den suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. agus ainm nó ainmneacha an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach i gcás ina dtugtar fógra faoi na réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 25. Coinneofar an liosta a fhoilseofar, lena n-áirítear na hipearnaisc, cothrom le dáta agus fanfaidh gach mír ar an suíomh gréasáin ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i mhír 7 den Airteagal seo ar a laghad.
An tráth céanna a thabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi réamheolaire nó faoi aon fhorlíonadh a ghabhann leis a bheith formheasta, déanfaidh an t-údarás inniúil cóip leictreonach den réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis, a chur ar fáil do ÚEUM, mar aon leis na sonraí a bhfuil gá ag ÚEUM leo chun é a aicmiú sa chóras stórála dá dtagraítear i mír 6 agus de réir na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 47.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faisnéis maidir le gach fógra a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 25 a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.