+Airteagal 25 Fógra a thabhairt faoi réamheolairí agus faoi fhorlíonta agus cur in iúl na dtéarmaí críochnaitheacha
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
|
Airteagal 25 Fógra a thabhairt faoi réamheolairí agus faoi fhorlíonta agus cur in iúl na dtéarmaí críochnaitheacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas, agus laistigh de lá amháin oibre ón uair a fhaightear an iarraidh sin nó, i gcás ina gcuirtear an iarraidh isteach in éineacht leis an réamheolaire, laistigh de lá amháin oibre tar éis an réamheolaire a fhormheas, déanfaidh sé deimhniú formheasa lena bhfianaítear gur tarraingíodh suas an réamheolaire i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus cóip leictreonach den réamheolaire sin, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.
I gcás inarb infheidhme, beidh ag dul leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriúchán den réamheolaire agus d'aon achoimre agus is faoi fhreagracht an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas a dhéanfar an t-aistriúchán sin.
Leanfar an nós imeachta céanna do aon forlíonadh ar an réamheolaire.
Déanfar fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Beidh cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 18(1) agus (2) luaite sa deimhniú formheasa, mar aon leis an údar atá leis an gcur i bhfeidhm sin.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoi dheimhniú formheasa an réamheolaire nó faoi aon fhorlíonadh a ghabhann leis a thabhairt do ÚEUM an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.
|
|
Airteagal 25 4.
|
I gcás inar cuireadh réamheolaire bunaidh isteach cheana agus nár cuireadh a théarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh sin, ná i bhforlíonadh, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile iad a chur in iúl go leictreonach d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach agus do ÚEUM a luaithe is indéanta tar éis a gcomhdaithe.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Ní ghearrfaidh na húdaráis inniúla táille ar fhógra a thabhairt nó ar fhógra a fháil faoi réamheolairí agus faoi fhorlíonta orthu, ná ar aon ghníomhaíocht maoirseachta ghaolmhar, cibé acu sa Bhallstát baile nó sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstaigh.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Déanfaidh ÚEUM tairseach fógartha a bhunú ina ndéanfaidh gach údarás inniúil na deimhnithe formheasa agus na cóipeanna leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 26(2) a uaslódáil, chomh maith le téarmaí críochnaitheacha na réamheolairí bunaidh, chun críche na bhfógraí agus na cumarsáide dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 26.
Gach aistriú de na doiciméid sin idir na húdaráis inniúla, déanfar é tríd an tairseach fógartha sin.
|
|
Airteagal 25 7.
|
Forbróidh ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na socruithe teicniúla is gá le go bhfeidhmeoidh an tairseach fógartha dá dtagraítear i mír 6.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 25 8.
|
D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla na margaí airgeadais, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi dheimhniú formheasa, réamheolaire, aon fhorlíonadh a ghabhann leis an réamheolaire agus aistriúchán den réamheolaire agus/nó den achoimre.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|