D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla na margaí airgeadais, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi dheimhniú formheasa, réamheolaire, aon fhorlíonadh a ghabhann leis an réamheolaire agus aistriúchán den réamheolaire agus/nó den achoimre.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.