Chun críoch Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críoch Airteagal 28, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin ar a laghad, socruithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha. Ní dhéanfar socruithe comhair a thabhairt i gcrích le tríú tír atá, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
), ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
Sula dtabharfaidh údarás inniúil socrú comhair i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh sé ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas ina leith.