+Airteagal 30 Comhar le tríú tíortha
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.

Airteagal 30 Comhar le tríú tíortha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Chun críoch Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críoch Airteagal 28, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin ar a laghad, socruithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha. Ní dhéanfar socruithe comhair a thabhairt i gcrích le tríú tír atá, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Sula dtabharfaidh údarás inniúil socrú comhair i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh sé ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas ina leith.

Airteagal 30 2.
Chun críoch Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críoch Airteagal 28, éascóidh agus comhordóidh ÚEUM forbairt na socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i dtríú tíortha. Éascóidh agus comhordóidh ÚEUM freisin, i gcás inar gá, malartú na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha idir na húdaráis inniúla, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagail 38 agus 39.
Airteagal 30 3.
Ní fhéadfar socruithe comhair maidir le malartú faisnéise a thabhairt i gcrích le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 35. Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe chun cúraimí na n-údarás maoirseachta sin a chur i gcrích.
Airteagal 30 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar íosta na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus sa doiciméad teimpléid atá le húsáid le haghaidh na socruithe comhair sin a chinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.