+Airteagal 32 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
|
Airteagal 32 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)
ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faisnéis fhorlíontach a chur sa réamheolaire, más gá, chun infheisteoirí a chosaint;
(b)
ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus na daoine a rialaíonn iad nó a rialaíonn siad, doiciméid agus faisnéis a chur ar fáil;
(c)
ceangal a chur ar iniúchóirí agus ar bhainisteoirí an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus ar idirghabhálaithe airgeadais arna gcoimisiúnú chun urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, faisnéis a sholáthar;
(d)
tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáithe a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;
(e)
fógráin a thoirmeasc nó a chur ar fionraí nó ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó ar idirghabhálaithe airgeadais ábhartha scor d'fhógráin nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;
(f)
tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndéanfaí é a shárú;
(g)
trádáil ar mhargadh rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna a chur ar fionraí nó a cheangal ar na margaí rialáilte ábhartha, na MTFannaábhartha nó na OTFábhartha an céanna a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;
(h)
trádáil ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;
(i)
i gcás ina bhfuil eisitheoir, tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh, an méid sin a phoibliú;
(j)
an grinnscrúdú ar réamheolaire a tíolacadh lena fhormheas a chur ar fionraí nó tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí nó a shrianadh i gcás ina bhfuil an chumhacht atá ag an údarás inniúil á feidhmiú aige toirmeasc nó srian a fhorchur de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
18
), go dtí go mbeidh deireadh leis an toirmeasc nó leis an srian sin;
(k)
formheas a dhiúltú maidir le haon réamheolaire arna tharraingt suas ag eisitheoir, tairgeoir nó duine áirithe atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go ceann uastréimhse cúig bliana, i gcás ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha déanta arís is arís eile ar an Rialacháin seo ag an eisitheoir, an tairgeoir, nó an duine sin atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(l)
gach faisnéis ábhartha, a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar mheasúnú na n-urrús, a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, a nochtadh, nó a cheangal ar an eisitheoir í a nochtadh, d'fhonn cosaint an infheisteora nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;
(m)
urrúis a chur ar fionraí nó ceangal a chur ar an margadh rialáilte ábhartha, MTFnó OTFtrádáil na n-urrús a chur ar fionraí i gcás ina measann siad gur de chineál é cás an eisitheora go ndéanfaí dochar do leasanna infheisteoirí leis an trádáil;
(n)
cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ag láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha agus, chun na críche sin, dul isteach in áitreabh chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar shonraí eile i bhfoirm ar bith, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúduithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán a chruthú.
I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an údarás breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi úsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás inar diúltaíodh formheas a thabhairt ar réamheolaire de bhun phointe (k), cuirfidh an t-údarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM agus, cuirfidh UÉUM an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla na mBallstát eile.
I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh ÚEUM i dteideal páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad fhomhír i gcás ina ndéanann dhá údarás inniúla nó níos mó cigireacht chomhpháirteach.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí, dá dtagraítear i mír 1 in aon cheann de na slite seo a leanas:
(b)
i gcomhar le húdaráis eile;
(c)
trína bhfhreagracht a tharmligean d'údaráis den chineál sin;
(d)
trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a theastaíonn uathu ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlíthe agus do rialacháin maidir le tairiscintí táthcheangail, le hidirbhearta cumaisc agus le hidirbhearta eile lena ndéantar difear d'úinéireacht nó do rialú cuideachtaí lena dtrasuitear Treoir 2004/25/CE agus lena bhforchuirtear ceanglais sa bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh aon srian á shárú ag an duine sin maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine a thugann fógra faoin méid sin faoi dhliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.
|
|
Airteagal 32 6.
|
Tá mír 1 go mír 3 gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh i gcomhair críocha Eorpacha thar lear a bhfuil an Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|