+Airteagal 38 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.

Airteagal 38 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1.

Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil faoi Airteagal 32 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar cumhacht d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin a fhorchur agus chun bearta riaracháin iomchuí a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin ar a laghad maidir leis an méid a leanas:

▼M5

(a) 

sáruithe ar Airteagail 3, 5 agus 6, Airteagal 7(1) go (11) agus (12a), Airteagail 8, 9 agus 10, Airteagal 11(1) agus (3), Airteagal 14a(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 16(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal 19(1), (2) agus (3), Airteagal 20(1), Airteagal 21(1) go (4) agus (7) go (11), Airteagal 22(2) go (5), Airteagal 23(1), (2), (3), (4a) agus (5), agus Airteagal 27;

▼B

(b) 

mainneachtain ó thaobh comhar nó comhlíonadh de i ndáil le himscrúdú nó le cigireacht, nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 32.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí riaracháin amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta faoin 21 Iúil 2018. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, cuirfidh na Ballstáit na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus do ÚEUM.

Faoin 21 Iúil 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 38 2.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) de mhír 1:

(a) 

ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an duine nádúrtha nó an t-eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 42;

(b) 

ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó ar an eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;

(c) 

smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach dhá oiread ar a laghad de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir sin a chinneadh;

(d) 

i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017, nó 3 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta.

I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

(e) 

i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 700 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017.

Airteagal 38 3.
D'fhéadfadh na ballstáit breisiú ar shanctions nó bearta breise a chur i bhfeidhm, chomh maith le pionóis airgeadais riaracháin, atá níos airde ná na leibhéil a shonraítear sa Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.