|
+Airteagal 38 2. |
Airteagal 38 2.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) de mhír 1:
(a)
ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an duine nádúrtha nó an t-eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 42;
(b)
ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó ar an eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;
(c)
smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach dhá oiread ar a laghad de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir sin a chinneadh;
(d)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017, nó 3 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
(e)
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 700 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|