+Airteagal 41 Sáruithe a thuairisciú
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
|
Airteagal 41 Sáruithe a thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
Bunóidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha ionas go spreagfar agus go gcuirfear ar chumas daoine aon sárú iarbhír ar an Rialachán seo, nó aon sárú a d'fhéadfadh a bheith ann, a thuairisciú dóibh.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ina chuid de na sásraí dá dtagraítear i mír 1:
(a)
nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe iarbhír nó féideartha agus gníomhaíochtaí leantacha ina leith, lena n-áirítear cainéil shlána chumarsáide a bhunú i leith na dtuairiscí sin;
(b)
cosaint iomchuí, ar a laghad, ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú agus ar chóir neamhchothrom de chineálacha eile a dhéanfadh fostóirí nó tríú páirtithe ar na fostaithe sin atá ar conradh fostaíochta agus a thuairiscíonn sáruithe;
(c)
cosaint a thabhairt do chéannacht agus do shonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha a líomhnaítear gurb é atá freagrach as sárú agus an chosaint a thabhairt le linn gach céime den nós imeachta ach amháin más gá sin a nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúdú breise nó nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go dtabharfar dreasachtaí airgeadais do dhaoine a thairgeann faisnéis ábhartha maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo, ar dreasachtaí iad atá le deonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach bhfuil dualgais dhlíthiúla nó chonarthacha eile ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus ar choinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go mbeidh forchur smachtbhanna riaracháin nó choiriúil nó glacadh birt riaracháin eile i leith shárú an Rialacháin seo mar thoradh uirthi.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit ceangal ar fhostóirí a thugann faoi ghníomhaíochtaí a ndéantar rialáil orthu ar mhaithe le cuspóirí seirbhísí airgeadais, nósanna imeachtaí cuí a chur ar bun ionas go mbeidh a bhfostaithe in ann sáruithe iarbhír nó féideartha a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach neamhspleách féinrialaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|