|
+Airteagal 41 2. |
Airteagal 41 2.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ina chuid de na sásraí dá dtagraítear i mír 1:
(a)
nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe iarbhír nó féideartha agus gníomhaíochtaí leantacha ina leith, lena n-áirítear cainéil shlána chumarsáide a bhunú i leith na dtuairiscí sin;
(b)
cosaint iomchuí, ar a laghad, ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú agus ar chóir neamhchothrom de chineálacha eile a dhéanfadh fostóirí nó tríú páirtithe ar na fostaithe sin atá ar conradh fostaíochta agus a thuairiscíonn sáruithe;
(c)
cosaint a thabhairt do chéannacht agus do shonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha a líomhnaítear gurb é atá freagrach as sárú agus an chosaint a thabhairt le linn gach céime den nós imeachta ach amháin más gá sin a nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúdú breise nó nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|