+Airteagal 47 Tuarascáil ÚEUM ar réamheolairí
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.

Airteagal 47 Tuarascáil ÚEUM ar réamheolairí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1.

Bunaithe ar na doiciméid arna gcur ar fáil don phobal tríd an sásra dá dtagraítear in Airteagal 21(6), foilseoidh ÚEUM gach bliain tuarascáil ina mbeidh ►C1  staidreamh ◄ faoi na réamheolairí a fhormheastar agus a dtugtar fógra maidir leo san Aontas agus anailís ar threochtaí, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh inti:

▼M5

(a) 

na cineálacha eisitheoirí, go háirithe na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d);

▼B

(b) 

na cineálacha eisiúintí, go háirithe comaoin iomlán na dtairiscintí, na cineálacha urrús inaistrithe, na cineálacha an ionaid trádála agus na hainmníochta.

Airteagal 47 2.

Beidh an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

▼M5

(a) 

anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9;

▼B

(b) 

►C1  staidreamh ◄ faoi na réamheolairí bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus faoi réamheolairí a tarraingíodh suas mar dhoiciméid ar leithligh nó mar dhoiciméad amháin;

(c) 

►C1  staidreamh ◄ faoi mheánchomaoin agus faoi chomaoin iomlán na dtairiscintí urrús don phobal faoi réir an Rialacháin seo, ag cuideachtaí neamhliostaithe, cuideachtaí a bhfuil a n-urrúis á dtrádáil ar MTFanna, lena n-áirítear margaí fáis FBManna, agus cuideachtaí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte. I gcás inarb infheidhme, úsáidfear na ►C1  staidreamh ◄ sin chun miondealú a dhéanamh idir na chéad tairiscintí don phobal agus tairiscintí ina dhiaidh sin, agus idir urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais;

(d) 

►C1  staidreamh ◄ maidir le húsáid na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt atá in Airteagal 25 agus Airteagal 26, lena n-áirítear miondealú in aghaidh an Bhallstáit maidir le líon na ndeimhnithe formheasa ar tugadh fógra maidir leo i ndáil le réamheolairí, doiciméid chlárúcháin agus doiciméid clárúcháin uilíoch.

Airteagal 47 3.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da) agus (db), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (ba), lena n-áirítear staidreamh ar na doiciméid dá dtagraítear sna hAirteagail sin a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla;

(b) 

staidreamh maidir leis na doiciméid chlárúcháin uilíocha dá dtagraítear in Airteagal 9 a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.