+Airteagal 19 Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
|
Airteagal 19 Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Cuirfidh TLU údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cibé uair ar mian léi seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí faoi Airteagal 30 nó a cuid gníomhaíochtaí a leathnú chun ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh:
(a)
breis seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;
(b)
seirbhísí coimhdeacha a cheadaítear faoi, ach nach liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;
(c)
oibriú córais socraíochta urrús eile;
(d)
an ghné airgid ar fad nó cuid den ghné airgid dá chóras socraíochta urrús a shocrú i leabhair de chuid gníomhaireachta socraíochta eile;
(e)
nasc idir-inoibritheachta a bhunú, lena n-áirítear naisc le TLUanna tríú tíortha.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Maidir le húdarú a dheonú chun croísheirbhís a sheachfhoinsiú do thríú páirtí de bhun mhír 1 nó chun gníomhaíochtaí a leathnú de bhun mhír 1, pointí (a), (c) agus (d), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17. Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (b), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2), (3), (5) agus (8a). Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (e), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2) agus (3). Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó ar diúltaíodh é laistigh de 3 mhí ó iarratas comhlánaithe a bheith curtha faoina bhráid.
|
|
Airteagal 19 3.
|
TLUanna a bhunaítear san Aontas a bhfuil sé beartaithe acu nasc idir-inoibritheach a bhunú, déanfaidh siad iarratas le haghaidh údarú mar a cheanglaítear faoi phointe (e) de mhír 1 leis na húdaráis inniúla faoi seach. Rachaidh na húdaráis sin i gcomhairle lena chéile maidir leis an nasc le TLU a fhormheas. I gcás cinntí éagsúla agus má chomhaontaíonn an dá údarás inniúla go bhféadfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Diúltóidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 nasc a údarú, i gcás ina gcuirfeadh nasc taisclainne lárnaí urrús feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé mar chúis le riosca sistéamach, agus sa chás sin amháin
|
|
Airteagal 19 5.
|
Naisc idir-inoibritheacha taisclann lárnacha urrús a dhéanfaidh cuid dá seirbhísí a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha sin a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus naisc taisclann lárnach nach dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, ní bheidh siad faoi réir údarú faoin bpointe sin, ach tabharfar fógra ina leith chuig údaráis inniúla agus údaráis ábhartha TLUanna sula gcuirfear iad chun feidhme tríd an bhfaisnéis ábhartha uile lena gceadaítear d’údaráis mar sin measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 48.
|
|
Airteagal 19 6.
|
TLU a bhunaítear agus a údaraítear san Aontas, féadfaidh sí nasc a choinneáil nó a bhunú le TLU i dtríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Nuair a bhunófar naisc le TLUanna i dtríú tíortha ceadófar leis an bhfaisnéis a chuirfidh TLU iarrthach ar fáil don údarás inniúil a mheas an gcomhlíontar na ceanglais faoi Airteagal 48 nó na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 48 leis na naisc sin.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Ceanglóidh údarás inniúil TLU iarrtaí ar an TLU sin scor de nasc idir TLUanna a úsáid, ar nasc é ar tugadh fógra ina leith, nuair nach gcomhlíonfar leis an nasc sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 48 agus lena gcuirfí i mbaol ar an gcaoi sin feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais nó a bheadh mar chúis le riosca córasach. I gcás ina gcuireann údarás inniúil de cheanglas ar TLU scor de nasc idir TLUanna a úsáid, leanfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 20(2) agus (3).
|
|
Airteagal 19 8.
|
Ní bheidh na seirbhísí breise coimhdeacha a liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn faoi réir údarú, ach cuirfear fógra chuig an údarás inniúil ina leith sula gcuirfear ar fáil iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|