+Airteagal 20 Údarú a tharraingt siar
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Údarú a tharraingt siar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Gan dochar do na gníomhartha nó na bearta leasacháin faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna a leanas:
(a)
i gcás nár úsáid TLU an t-údarú ar feadh 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil aici ná aon ghníomhaíocht déanta aici le linn na sé mhí roimhe sin;
(b)
i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;
(c)
i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;
(d)
i gcás ina ndéanfaidh TLU sárú tromchúiseach nó córasach ar an ceanglais a leagtar amach sa Rialachán nó, i gcás inarb infheidhme, i dTreoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
|
|
Airteagal 20 2.
|
A luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE maidir leis an ngá a bheidh ann an t-údarú a tharraingt siar.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Féadfaidh ÚEÚM agus aon údarás ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdóidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an cás féachaint an bhfuil TLU fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar an údaraithe a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina dtarraingítear siar údarú dá dtagraítear i mír 1. Áireofar ar nósanna imeachta den sórt sin aistriú na gcuntas eisiúna nó taifead comhchosúil lena bhfianaítear eisiúint urrús, agus na dtaifead atá bainteach le soláthar na gcroísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|