|
+Airteagal 22a 2. |
Airteagal 22a 2.Sna pleananna dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:
(a)
achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh nó foirceanta ordúil;
(b)
sainaithint oibríochtaí agus sheirbhísí criticiúla an TLU;
(c)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar caipiteal breise a chruinniú i gcásanna ina ndruideann caipiteal cothromais an TLU gar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 47(1) nó na dtiteann sé faoina mbun;
(d)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar oibríochtaí agus seirbhísí an TLU a fhoirceannadh go hordúil nó a athstruchtúrú i gcás nach bhfuil an TLU in ann caipiteal nua a chruinniú;
(e)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina mbíonn sé dodhéanta go buan ag an TLU a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí criticiúla a athbhunú;
(f)
tuairisc ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|