+Airteagal 22a Pleananna don téarnamh agus don fhoirceannadh ordúil
---+Airteagal 22a 1.
---+Airteagal 22a 2.
---+Airteagal 22a 3.
---+Airteagal 22a 4.
---+Airteagal 22a 5.
---+Airteagal 22a 6.
---+Airteagal 22a 7.
|
Airteagal 22a Pleananna don téarnamh agus don fhoirceannadh ordúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22a 1.
|
Sainaithneoidh TLU cásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla a sholáthar mar ghnóthas leantach agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil. Sna cásanna sin, cuirfear san áireamh na rioscaí éagsúla neamhspleácha agus gaolmhara a bhfuil an TLU neamhchosanta orthu. Ag úsáid na hanailíse sin, ullmhóidh TLU pleananna iomchuí le haghaidh a théarnaimh nó a fhoirceanta ordúil agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil iad.
|
|
Airteagal 22a 2.
|
Sna pleananna dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:
(a)
achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh nó foirceanta ordúil;
(b)
sainaithint oibríochtaí agus sheirbhísí criticiúla an TLU;
(c)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar caipiteal breise a chruinniú i gcásanna ina ndruideann caipiteal cothromais an TLU gar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 47(1) nó na dtiteann sé faoina mbun;
(d)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar oibríochtaí agus seirbhísí an TLU a fhoirceannadh go hordúil nó a athstruchtúrú i gcás nach bhfuil an TLU in ann caipiteal nua a chruinniú;
(e)
nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina mbíonn sé dodhéanta go buan ag an TLU a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí criticiúla a athbhunú;
(f)
tuairisc ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 22a 3.
|
Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na pleananna a chur chun feidhme ar bhonn tráthúil le linn cásanna struis, beidh sé de chumas ag TLU an fhaisnéis sin a shainaithint agus a sholáthar d’eintitis ghaolmhara.
|
|
Airteagal 22a 4.
|
Déanfaidh an comhlacht bainistíochta nó coiste iomchuí eile den chomhlacht bainistíochta an plean a fhormheas.
|
|
Airteagal 22a 5.
|
Déanfaidh TLU athbhreithniú ar na pleananna agus iad a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Soláthrófar gach nuashonrú ar na pleananna don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 22a 6.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach leor pleananna an TLU, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an TLU bearta breise a dhéanamh nó bearta malartacha a fhorbairt.
|
|
Airteagal 22a 7.
|
I gcás ina bhfuil TLU faoi réir Threoir 2014/59/AE agus ina ndéantar plean téarnaimh a tharraingt suas faoin Treoir sin, soláthróidh an TLU an plean téarnaimh sin don údarás inniúil. I gcás ina ndéantar plean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó plean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige leanúnachas croísheirbhísí de chuid TLU a áirithiú, a bhunú agus a chothabháil do TLU, déanfaidh an t-údarás réitigh nó, i gcás nach ann d’údarás den sórt sin, an t-údarás inniúil ÚEUM a chur ar an eolas gurb ann do phlean den sórt sin. I gcás ina bhfuil na gnéithe uile a liostaítear i mír 2 sa phlean téarnaimh agus sa phlean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó in aon phlean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta, ní cheanglófar ar an TLU na pleananna a ullmhú de bhun mhír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|