+Airteagal 48 Naisc idir TLUanna
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
---+Airteagal 48 5.
---+Airteagal 48 6.
---+Airteagal 48 7.
---+Airteagal 48 8.
---+Airteagal 48 9.
---+Airteagal 48 10.
|
Airteagal 48 Naisc idir TLUanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1.
|
Sula ndéanfar nasc idir TLUanna a bhunú, agus ar bhonn leanúnach a luaithe a bhunófar an nasc idir TLUanna, déanfaidh gach TLU lena mbaineann na foinsí féideartha riosca dóibh féin agus dá rannpháirtithe a eascróidh ón nasc idir TLUanna a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus déanfaidh siad faireachán orthu agus déanfaidh siad bearta iomchuí a ghlacadh chun na rioscaí sin a mhaolú.
|
|
Airteagal 48 2.
|
Déanfaidh TLUanna a mbeidh sé ar intinn acu naisc a bhunú iarratas ar údarú a thíolacadh chuig údarás inniúil TLU iarrataí mar a cheanglaítear uirthi a dhéanamh faoi phointe (e) d’Airteagal 19(1) nó fógra a chur chuig údaráis inniúla nó ábhartha TLU iarrataí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19(5).
|
|
Airteagal 48 3.
|
Cuirfidh nasc cosaint leordhóthanach ar fáil do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe maidir le creidmheasanna féideartha a glacfaidh TLUanna agus na rioscaí comhchruinnithe agus leachtachta a bheidh mar thoradh ar an socrú maidir leis an nasc. Tacóidh socrú conarthach iomchuí le nasc, ar socrú é ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach TLUanna a bheidh nasctha agus, i gcás inar gá, rannpháirtithe TLUanna chomh maith. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse maidir le rogha shoiléir dlí lena rialófar gach gné d’oibríochtaí an naisc.
|
|
Airteagal 48 4.
|
I gcás aistrithe shealadaigh urrús idir TLUanna a bheidh nasctha, beidh cosc ar urrúis a athaistriú sula gcuirfear an chéad aistriú i gcrích.
|
|
Airteagal 48 5.
|
Déanfaidh TLU a úsáidfidh nasc indíreach nó idirghabhálaí chun nasc idir TLUanna a fheidhmiú le TLU eile na rioscaí breise a eascróidh as úsáid an naisc indírigh nó an idirghabhálaí sin a thomhas agus a bhainistiú agus déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a mhaolú.
|
|
Airteagal 48 6.
|
Beidh nósanna imeachta réitigh stóinsithe ag TLUanna a bheidh nasctha chun a áirithiú go mbeidh a dtaifid féin cruinn.
|
|
Airteagal 48 7.
|
I ngeall ar naisc idir TLUanna, beifear in ann socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist a dhéanamh i gcás idirbheart idir rannpháirtithe TLUanna a bheidh nasctha, aon tráth ar féidir agus nuair atá sin praiticiúil. Maidir le cúiseanna mionsonraithe ar aon nasc idir TLUanna nach gceadaítear socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist leis, cuirfear in iúl iad do na húdaráis inniúla agus ábhartha.
|
|
Airteagal 48 8.
|
Bunófar i gcórais socraíochta urrús idir-inoibritheacha agus i TLUanna a úsáideann comhbhonneagar socraíochta pointí comhionanna maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras;
(b)
do-athraitheacht orduithe aistrithe;
Úsáidfidh na córais socraíochta urrús agus TLUanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír na rialacha coibhéiseacha maidir leis an tráth a dtiocfaidh críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.
|
|
Airteagal 48 9.
|
Faoin 18 Meán Fómhair 2019 beidh na naisc idir-inoibritheacha uile idir TLUanna a oibríonn sna Ballstáit ina naisc lena dtugtar tacaíocht do shocraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist.
|
|
Airteagal 48 10.
|
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo a leanas a shainiú: na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 faoina ndéantar foráil i ngach cineál socraithe naisc maidir le cosaint leormhaith a thabhairt do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe nuair a bheartóidh TLU bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU eile, faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí breise dá dtagraítear i mír 5 a eascróidh as úsáid idirghabhálaithe, na modhanna réitigh dá dtagraítear i mír 6, na cásanna ina mbeidh réiteach bunaithe ar sholáthar in áit íocaíochta trí naisc idir taisclanna lárnach urrús phraiticiúil agus indéanta, rud dá bhforáiltear i mír 7 agus maidir leis na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu. Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|