|
+Airteagal 54 4. |
Airteagal 54 4.I gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, féadfar TLU a údarú chun institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU sin nó le haghaidh cuid díobh a shocrú de bhun mhír 2a, pointe (a):
(a)
comhlíonann an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
(b)
ní dhéanann an institiúid creidmheasa í féin aon cheann de na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;
(c)
ní úsáidtear an t-údarú faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ach chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;
(d)
tá an institiúid creidmheasa faoi réir formhuirear caipitil breise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do na rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile sheirbhísí TLU;
(e)
tuairiscíonn an institiúid creidmheasa go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus nochtann sí go bliantúil don phobal mar chuid den nochtadh poiblí a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú riosca leachtachta ionlae i gcomhréir le hAirteagal 59(4), pointe (j), den Rialachán seo; agus
(f)
tá plean téarnaimh leordhóthanach curtha ag an institiúid creidmheasa faoi bhráid an údaráis inniúil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí criticiúla a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina dtagann rioscaí leachtachta nó creidmheasa chun cinn mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|