+Airteagal 54 Údarú agus ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 2a.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 4a.
---+Airteagal 54 5.
---+Airteagal 54 6.
---+Airteagal 54 7.
---+Airteagal 54 8.
---+Airteagal 54 9.
|
Airteagal 54 Údarú agus ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
Ní sholáthróidh TLU aon cheann de na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a leagtar amach in Roinn C den Iarscríbhinn mura mbeidh údarú breise faighte aici chun seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh iomlána do chuid díobh a shocrú trína chuntais féin i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, údarófar é faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3, 6, 7, 8 agus 9a den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 54 2a.
|
Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa nó le TLU i gcomhréir le hAirteagal 40(2), údarófar é, faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 go 9a den Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a ainmniú chun na críche sin:
(a)
institiúidí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE; nó
(b)
TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
Ní úsáidfear údarú chun institiúidí creidmheasa nó TLUnna a ainmniú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ach amháin maidir leis na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh. Measfar gur gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a ainmnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
|
|
Airteagal 54 3.
|
I gcás ina lorgóidh TLU seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil ón taobh istigh den eintiteas dlíthiúil céanna leis an eintiteas dlíthiúil a oibreoidh an córas socraíochta urrús, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
(a)
go n-údaraítear TLU mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;
(b)
go gcomhlíonfaidh TLU na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) iad agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
(c)
gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;
(d)
go mbeidh TLU faoi réir muirir chaipitil lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;
(e)
go dtuairisceoidh TLU go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí leachtachta ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo;
(f)
go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag TLU chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcás ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil;
I gcás ina leagtar forálacha codarsnacha síos sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an TLU dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fomhír den pointe seo na ceanglais níos déine maidir le maoirseacht stuamachta. Soiléireofar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 59 den Rialachán seo na cásanna ina bhfuil forálacha codarsnachta.
|
|
Airteagal 54 4.
|
I gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, féadfar TLU a údarú chun institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU sin nó le haghaidh cuid díobh a shocrú de bhun mhír 2a, pointe (a):
(a)
comhlíonann an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
(b)
ní dhéanann an institiúid creidmheasa í féin aon cheann de na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;
(c)
ní úsáidtear an t-údarú faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ach chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;
(d)
tá an institiúid creidmheasa faoi réir formhuirear caipitil breise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do na rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile sheirbhísí TLU;
(e)
tuairiscíonn an institiúid creidmheasa go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus nochtann sí go bliantúil don phobal mar chuid den nochtadh poiblí a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú riosca leachtachta ionlae i gcomhréir le hAirteagal 59(4), pointe (j), den Rialachán seo; agus
(f)
tá plean téarnaimh leordhóthanach curtha ag an institiúid creidmheasa faoi bhráid an údaráis inniúil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí criticiúla a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina dtagann rioscaí leachtachta nó creidmheasa chun cinn mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh.
|
|
Airteagal 54 4a.
|
I gcás ina bhféachann TLU le hinstitiúid creidmheasa nó TLU a ainmniú i gcomhréir le mír 2a chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh, ní bheidh íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin in airgeadra na tíre ina bhfuil an TLU ainmniúcháin bunaithe.
|
|
Airteagal 54 5.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i mír 2a, pointe (a), agus ní bheidh feidhm ag mír 4a maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna dá dtagraítear i mír 2a, a dhéanann tairiscint na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU nó le haghaidh chuid díobh, más rud é nach sáraítear an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 9 le luach iomlán socraíochta airgid thirim den sórt sin trí chuntais arna n-oscailt leis na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna sin, de réir mar is infheidhme, a ríomhtar thar thréimhse bliana. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun féachaint an bhfuiltear á hurramú. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh mar aon leis na bunsonraí chuig ÚEUM agus ÚBE. Tarchuirfidh an t-údarás inniúil na torthaí uaidh chuig comhaltaí CEBC freisin. Gan dochar d’Airteagal 40(1), i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 2. Tíolacfaidh an TLU lena mbaineann an t-iarratas uaidh ar údarú laistigh de 6 mhí.
|
|
Airteagal 54 6.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach bhfuil dóthain maolaithe á déanamh ar neamhchosaint institiúide creidmheasa amháin ar an gcomhchruinniú rioscaí faoi Airteagal 59(3) agus (4), féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU níos mó ná institiúid creidmheasa nó TLU amháin dá dtagraítear i mír 2a a ainmniú, nó institiúid creidmheasa nó TLU dá dtagraítear i mír 2a a ainmniú, chomh maith le seirbhísí a sholáthar é féin i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 54 7.
|
Comhlíonfaidh TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus institiúid creidmheasa arna hainmniú i gcomhréir le mír 2a, pointe (a), na coinníollacha atá riachtanach d’údarú faoin Rialachán seo i gcónaí, agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, do na húdaráis inniúla faoi aon athruithe substainteacha a dhéanann difear do na coinníollacha údarúcháin.
|
|
Airteagal 54 8.
|
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an muirear breis caipitil, rioscabhunaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 agus i bpointe (d) de mhír 4 a chinneadh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 54 9.
|
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an tairseach dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus chun ceanglais iomchuí bainistithe riosca agus stuamachta a ghabhann leis sin a chinneadh chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 2a. Agus na caighdeáin sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na himpleachtaí don chobhsaíocht margaidh a d’fhéadfadh eascairt as athrú ar phróifíl riosca TLUnna agus a rannpháirtithe, lena n-áirítear tábhacht shistéamach na TLUnna d’fheidhmiú na margaí urrús;
(b)
na himpleachtaí do na rioscaí creidmheasa agus leachtachta do TLUnna, do na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe lena mbaineann agus do rannpháirtithe TLUnna a eascraíonn as íocaíochtaí airgid thirim a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil faoi réir mhír 4;
(c)
an deis atá ag TLUnna íocaíochtaí airgid thirim a shocrú i roinnt airgeadraí éagsúla;
(d)
an gá atá le haistriú neamhbheartaithe ó shocraíocht in airgead bainc ceannais go socraíocht in airgead bainc tráchtála a sheachaint mar aon le dídhreasachtaí d’iarrachtaí TLUnna socraíocht a dhéanamh in airgead bainc ceannais; agus
(e)
an gá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i measc TLUnna san Aontas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|