|
+Article 84 2. |
Article 84 2.De mhaolú ar mhír 1:
(a)
féadfaidh GCUI, ar mhaithe le leas a shealbhóirí aonad, suibscríobh, athcheannach agus fuascailt a aonad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1, a chur ar fionraí go sealadach nó uirlisí bainistithe leachtachta eile arna roghnú ó phointí 2 go 8 den Iarscríbhinn sin a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 18a(2). Féadfaidh an GCUI freisin, ar mhaithe le leas a shealbhóirí aonad, taobhphócaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú;
(b)
ar mhaithe le leas infheisteoirí, in imthosca eisceachtúla agus tar éis dul i gcomhairle leis an GCUI, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a cheangal ar GCUI an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú i gcás ina bhfuil rioscaí ann do chosaint infheisteoirí nó do chobhsaíocht airgeadais lena n-éilítear, ar dhearcadh réasúnta cothrom, gníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin. Ní úsáidfidh GCUInna fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí nó taobhphócaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin i gcásanna eisceachtúla inar gá déanamh amhlaidh sna himthosca agus i gcás ina bhfuil údar leis ag féachaint do leasanna a shealbhóirí aonad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|