+Article 84
---+Article 84 1.
---+Article 84 2.
---+Article 84 3.
---+Article 84 3a.
---+Article 84 3b.
---+Article 84 3c.
---+Article 84 3d.
---+Article 84 3e.
---+Article 84 3f.
---+Article 84 4.

Article 84

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 84 1.
A UCITS shall repurchase or redeem its units at the request of any unit-holder.
Article 84 2.

De mhaolú ar mhír 1:

(a) 

féadfaidh GCUI, ar mhaithe le leas a shealbhóirí aonad, suibscríobh, athcheannach agus fuascailt a aonad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1, a chur ar fionraí go sealadach nó uirlisí bainistithe leachtachta eile arna roghnú ó phointí 2 go 8 den Iarscríbhinn sin a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 18a(2). Féadfaidh an GCUI freisin, ar mhaithe le leas a shealbhóirí aonad, taobhphócaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú;

(b) 

ar mhaithe le leas infheisteoirí, in imthosca eisceachtúla agus tar éis dul i gcomhairle leis an GCUI, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a cheangal ar GCUI an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú i gcás ina bhfuil rioscaí ann do chosaint infheisteoirí nó do chobhsaíocht airgeadais lena n-éilítear, ar dhearcadh réasúnta cothrom, gníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin.

Ní úsáidfidh GCUInna fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí nó taobhphócaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin i gcásanna eisceachtúla inar gá déanamh amhlaidh sna himthosca agus i gcás ina bhfuil údar leis ag féachaint do leasanna a shealbhóirí aonad.

Article 84 3.

Tabharfaidh an GCUI, gan mhoill, fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoin méid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina ngníomhachtaíonn nó ina ndíghníomhachtaíonn an GCUI an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1;

(b) 

i gcás ina ngníomhachtaíonn nó ina ndíghníomhachtaíonn an GCUI aon cheann de na huirlisí bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, ar bhealach nach bhfuil i ngnáthchúrsa gnó mar a bheartaítear i rialacha an chiste nó in ionstraimí corpraithe an GCUI.

Déanfaidh GCUI, laistigh de thréimhse ama réasúnta sula ndéanfaidh sé an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi ghníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin.

Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhógra a fuarthas i gcomhréir leis an mír seo. Beidh sé de chumhacht ag ESMA an fhaisnéis a fhaightear de bhun na míre seo a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla.

Article 84 3a.
I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí de bhun mhír 2, pointe (b), tabharfaidh siad fógra ina leith sin d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, do ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, do BERS.
Article 84 3b.
Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI nó údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí a fheidhmiú de bhun mhír 2, pointe (b), agus na cúiseanna atá leis an iarraidh á sonrú, agus ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS á gcur ar an eolas ina leith sin.
Article 84 3c.
I gcás nach n-aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 3b, cuirfidh siad na húdaráis inniúla iarrthacha, ESMA agus, i gcás inar cuireadh BERS ar an eolas faoin iarraidh sin de bhun mhír 3b, BERS ar an eolas ina leith sin, agus na cúiseanna atá leis an easaontas á lua acu.
Article 84 3d.
Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhíreanna 3b agus 3c, eiseoidh ESMA gan moill mhíchuí tuairim chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhír 2, pointe (b). Cuirfidh ESMA an tuairim sin in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI.
Article 84 3e.
I gcás nach ngníomhaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI i gcomhréir le tuairim ESMA dá dtagraítear i mír 3d, nó nach bhfuil sé beartaithe acu an tuairim sin a chomhlíonadh, cuirfidh siad ESMA agus na húdaráis inniúla iarrthacha ar an eolas faoi sin, agus na cúiseanna lena neamhchomhlíonadh nó leis an rún atá acu gan an tuairim a chomhlíonadh á lua acu. I gcás bagairt thromchúiseach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, agus mura rud é go bhfuil foilsiú den sórt sin i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha shealbhóirí aonad an GCUI nó an phobail, féadfaidh ESMA a fhoilsiú nach gcomhlíonann údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a thuairim nó nach bhfuil sé beartaithe acu a thuairim a chomhlíonadh, mar aon leis na cúiseanna a thug na húdaráis inniúla sin maidir lena neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá acu gan an tuairim a chomhlíonadh. Déanfaidh ESMA anailís i dtaobh ar mhó na tairbhí a bheadh i gceist leis an bhfoilsiú ná an méadú ar na bagairtí ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas mar thoradh ar an bhfoilsiú sin agus tabharfaidh sé réamhfhógra do na húdaráis inniúla faoi fhoilsiú den sórt sin.
Article 84 3f.
Faoin 16 Aibreán 2026, forbróidh ESMA treoirlínte ina dtugtar léirithe chun treoir a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena gcumhachtaí a fheidhmiú a leagtar amach i mír 2, pointe (b), agus léirithe maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na hiarrataí dá dtagraítear i mír 3b den Airteagal seo agus Airteagal 98(3) a bheith á gcur ar aghaidh. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt aige, déanfaidh ESMA impleachtaí féideartha idirghabhála maoirseachta den sórt sin i gcás cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile nó san Aontas a chur san áireamh. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar GCUInna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta.
Article 84 4.

In order to ensure consistent harmonisation of this Article, ESMA may develop draft regulatory technical standards to specify the conditions which need to be met by the UCITS after the adoption of the temporary suspension of the re-purchase or redemption of the units of the UCITS as referred to in paragraph 2(a), once the suspension has been decided.

Power is delegated to the Commission to adopt the regulatory technical standards referred to in the first subparagraph in accordance with Articles 10 to 14 of Regulation (EU) No 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0065
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.