+Airteagal 93a
---+Airteagal 93a 1.
---+Airteagal 93a 2.
---+Airteagal 93a 3.
---+Airteagal 93a 4.
---+Airteagal 93a 5.
---+Airteagal 93a 6.
---+Airteagal 93a 7.
|
Airteagal 93a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 93a 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh GCUI fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú a mhéid a bhaineann le haonaid lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, maidir le haicme scaireanna i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige i ndáil leis i gcomhréir le hAirteagal 93, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:
(a)
maidir le gach aonad den sórt sin atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát sin, déanfar iltairiscint chun iad a athcheannach nó a fhuascailt, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, a chur ar fáil go poiblí ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint, go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais, chuig gach infheisteoir sa Bhallstát sin, duine ar dhuine, arb eol a gcéannacht;
(b)
maidir leis an rún i dtaca le socruithe arna ndéanamh chun na haonaid sin a mhargú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh, poibleofar é trí mheán atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, ar gnách é a úsáid chun GCUI a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in GCUInna;
(c)
maidir le haon socruithe conarthacha le hidirghabhálaithe nó toscairí airgeadais, déanfar iad a mhodhnú nó a fhoirceannadh le héifeacht ón dáta a chuirfear an fógra ar ceal ionas go gcuirfear cosc le haon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith na n-aonad a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2.
Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), tabharfar cur síos soiléir ar na hiarmhairtí a bheidh ann d'infheisteoirí mura nglacfaidh siad leis an tairiscint a n-aonaid a fhuascailt nó a athcheannach. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil fógra déanta ag GCUI ina leith i gcomhréir le hAirteagal 93 nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar aghaidh, déanfaidh an GCUI aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith a aonad a bhí faoi réir fógra a thabhairt a scor sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 93a 2.
|
Déanfaidh an GCUI fógra a thíolacadh d'údaráis inniúla a Bhallstáit baile ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1.
|
|
Airteagal 93a 3.
|
Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a fhíorú an bhfuil an fógra a chuir an GCUI isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ó fhógra iomlán a fháil an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2, agus chuig ESMA. Tar éis tharchur an fhógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an tarchur sin in iúl go pras don GCUI.
|
|
Airteagal 93a 4.
|
Déanfaidh an GCUI an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagail 68 go 82 agus faoi Airteagal 94 a chur ar fáil d'infheisteoirí atá go fóill infheistithe sa GCUI mar aon le húdaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI.
|
|
Airteagal 93a 5.
|
Tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir le haon athrú ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 93(2).
|
|
Airteagal 93a 6.
|
Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), Airteagal 97(3) agus Airteagal 108. Gan dochar do ghníomhaíochtaí faireacháin agus do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus in Airteagal 97, amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 5 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an GCUI lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
27
).
|
|
Airteagal 93a 7.
|
Ceadóidh na Ballstáit úsáid aon mhodha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis agus an modh cumarsáide ar fáil d'infheisteoirí i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-infheisteoir lonnaithe nó i dteanga a d'fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009L0065
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|