Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), Airteagal 97(3) agus Airteagal 108. Gan dochar do ghníomhaíochtaí faireacháin agus do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus in Airteagal 97, amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 5 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an GCUI lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
27
).