+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “caipiteal” ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus caipiteal geallta neamhghlaoite, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na costais uile a iompraíonn na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

(2) 

ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” infheisteoir a mheastar gur cliant gairmiúil é, nó a fhéadfar, ar iarraidh uaidh, déileáil leis mar chliant gairmiúil i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(3) 

ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

(4) 

ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas punainne cáilitheach, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile rannpháirtíochta i gcaipiteal an ghnóthais phunainne cháilithigh arna n-eisiúint chuig a infheisteoirí;

(5) 

ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime maoinithe i gcás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus i gcás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán;

▼M1

(6) 

ciallaíonn “sócmhainn réadach” sócmhainn a bhfuil luach intreach aici de bharr a substainte agus a hairíonna;

▼B

(7) 

ciallaíonn “gnóthas airgeadais” aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(b) 

gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(c) 

gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

▼M1

(ca) 

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

▼B

(d) 

cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e) 

cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe 22 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f) 

cuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;

(g) 

AIFM mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(8) 

ciallaíonn “AIF AE” AIF AE mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(9) 

ciallaíonn “AIFM AE” AIFM AE mar a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(10) 

ciallaíonn “údarás inniúil an ELTIF” údarás inniúil AIF AE de réir bhrí phointe (h) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(11) 

ciallaíonn “Ballstát baile an ELTIF” an Ballstát ina bhfuil an tELTIF údaraithe;

(12) 

ciallaíonn “bainisteoir an ELTIF” AIFM AE údaraithe atá formheasta chun ELTIF, nó an tELTIF a bhainistítear go hinmheánach, a bhainistiú i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an ELTIF bainistíocht inmheánach agus i gcás nach bhfuil aon AIFM seachtrach ceaptha;

(13) 

ciallaíonn “údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF” údarás inniúil Bhallstát baile an AIFM de réir bhrí phointe (q) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(14) 

ciallaíonn “urrúis a thabhairt ar iasacht” agus “urrúis a fháil ar iasacht” aon idirbheart ina n-aistríonn contrapháirtí urrúis faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha ar ais ar dháta níos déanaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir sin air, agus an t-idirbheart sin a bheith measta mar urrúis a thabhairt ar iasacht i gcás an chomhpháirtí a bheidh ag aistriú na n-urrús agus a bheith measta mar urrúis a fháil ar iasacht i gcás an chomhpháirtí a mbeidh siad á n-aistriú chuige;

▼M1

(14a) 

ciallaíonn “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe” urrúsú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(14b) 

ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

▼B

(15) 

ciallaíonn “beart athcheannaigh” beart athcheannaigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(16) 

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shonraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(17) 

ciallaíonn “díol folamh” gníomhaíocht mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(18) 

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(19) 

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” saoráid trádála ilthaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

▼M1

(20) 

ciallaíonn “ELTIF fothaire” ELTIF, nó urrann infheistíochta de, atá formheasta 85 % ar a laghad dá shócmhainní a infheistiú in aonaid nó i scaireanna ELTIF eile nó in urrann infheistíochta ELTIF;

(21) 

ciallaíonn “máistir-ELTIF” ELTIF, nó urrann infheistíochta de, ina n-infheistíonn ELTIF eile 85 % ar a laghad dá shócmhainní in aonaid nó i scaireanna.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.