|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Cuirfidh údaráis inniúla ELTIFanna ÚEUM ar an eolas, ar bhonn ráithiúil, faoi údaruithe arna ndeonú nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis faoi ELTIF a leagtar amach sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear sa dara fomhír. Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí atá cothrom le dáta agus ina sainaithnítear na nithe seo a leanas le haghaidh gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo:
(a)
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus aitheantóir cóid náisiúnta an ELTIF, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(b)
ainm agus seoladh bhainisteoir an ELTIF agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ainm agus seoladh LEI an bhainisteora sin;
(c)
cóid ISIN de chuid an ELTIF agus de chuid gach aicme aonad nó scaireanna ar leithligh, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(d)
LEI an mháistir-ELTIF, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
(e)
LEI an ELTIF fothaire, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
(f)
údarás inniúil an ELTIF agus Ballstát baile an ELTIF;
(g)
na Ballstáit ina ndéantar an ELTIF a mhargú;
(h)
cé acu is féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó nach féidir é a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla;
(i)
dáta údaraithe an ELTIF;
(j)
an dáta a thosaigh margú an ELTIF;
(k)
dáta an nuashonraithe is déanaí arna dhéanamh ag ÚEUM ar an bhfaisnéis faoin ELTIF. Cuirfear an clár lárnach poiblí ar fáil i bhformáid leictreonach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|