+Airteagal 3 Údarú agus clár poiblí lárnach
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.

Airteagal 3 Údarú agus clár poiblí lárnach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Ní fhéadfar ELTIF a mhargú san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh sé údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh údarú mar ELTIF bailí do na Ballstáit uile.
Airteagal 3 2.
Is iad AIFanna AE amháin a bheidh incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar údarú mar ELTIF agus chun go dtabahrfar údarú mar ELTIF dóibh.
Airteagal 3 3.
Cuirfidh údaráis inniúla ELTIFanna ÚEUM ar an eolas, ar bhonn ráithiúil, faoi údaruithe arna ndeonú nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis faoi ELTIF a leagtar amach sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear sa dara fomhír.

Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí atá cothrom le dáta agus ina sainaithnítear na nithe seo a leanas le haghaidh gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo:

(a) 

Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus aitheantóir cóid náisiúnta an ELTIF, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(b) 

ainm agus seoladh bhainisteoir an ELTIF agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ainm agus seoladh LEI an bhainisteora sin;

(c) 

cóid ISIN de chuid an ELTIF agus de chuid gach aicme aonad nó scaireanna ar leithligh, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(d) 

LEI an mháistir-ELTIF, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

(e) 

LEI an ELTIF fothaire, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

(f) 

údarás inniúil an ELTIF agus Ballstát baile an ELTIF;

(g) 

na Ballstáit ina ndéantar an ELTIF a mhargú;

(h) 

cé acu is féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó nach féidir é a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla;

(i) 

dáta údaraithe an ELTIF;

(j) 

an dáta a thosaigh margú an ELTIF;

(k) 

dáta an nuashonraithe is déanaí arna dhéanamh ag ÚEUM ar an bhfaisnéis faoin ELTIF.

Cuirfear an clár lárnach poiblí ar fáil i bhformáid leictreonach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.